Inrochtaineacht ag Airbnb
Seo mar atáimid á dhéanamh níos fusa duit taisteal linn.
An Chatagóir 'Gan céimeanna isteach'
Déan iniúchadh ar thithe uathúla ina bhfuil gnéithe inrochtaineachta deimhnithe, ina measc sin bealach isteach sa teach, sa seomra leapa agus sa seomra folctha gan chéimeanna. Déantar scanadh 3T mionsonraithe ar gach teach sa chatagóir seo chun a ghnéithe inrochtaineachta a dheimhniú agus sonraí tábhachtacha amhail leithead na ndoirse a thaispeáint.
Scagairí cuardaigh feabhsaithe
Shimplíomar ár scagairí inrochtaineachta chun an cuardach a dhéanamh níos fearr fós.
Athbhreithniú inrochtaineachta
Déanaimid athbhreithniú ar chruinneas gach gné inrochtaineachta a chuireann Óstaigh fanachta isteach.
Teachtaireachtaí díreacha leis na hÓstaigh
Déan comhrá díreach le hÓstaigh chun tuilleadh eolais a fháil faoi ghnéithe inrochtaineachta a bhfanachta nó a nEispéiris.
Seo mar atáimid ag cur le hinrochtaineacht ar Airbnb
Foirne speisialaithe
Tá foirne ag Airbnb atá dírithe ar tháirgí a chruthú a bhfuil gach duine i gcumas a úsáid. Oibríonn na foirne sin le hinnealtóirí, le dearthóirí agus le daoine eile ar fud na cuideachta lena chinntiú go gcuirtear inrochtaineacht san áireamh agus ár dtáirgí á bhforbairt.
Taighde agus abhcóideacht
Déanaimid taighde le daoine a bhfuil riachtanais inrochtaineachta acu, agus oibrímid le saineolaithe sa phobal.
Caighdeáin inrochtaineachta digití
Táimid ag obair i dtreo na gcaighdeán inrochtaineachta digití atá leagtha amach sna Treoirlínte Inrochtaineachta ar Ábhar Gréasáin. Táimid ag infheistiú freisin in uirlisí tástála uathoibrithe chun cabhrú linn níos mó fadhbanna a aimsiú.