Bí páirteach sa Líonra Comhóstach

Tá mórán óstach ag iarraidh comhpháirtí áitiúil ar ardchaighdeán* chun cabhrú leo leis an óstáil. Idir leagan amach an liostaithe agus tacaíocht d'aíonna, roghnaigh na seirbhísí a thairgeann tú agus saothraigh airgead as cabhrú le daoine eile óstáil.
Glac páirt anois
Trí shampla de chomhóstaigh ón Líonra Comhóstach. Taispeánann gach próifíl a suíomh, a meánrátáil agus cé chomh fada agus atá siad ag óstáil

Seo chugaibh an Líonra Comhóstach

Anois is féidir leat tacaíocht phearsantaithe a thairiscint d'óstaigh ag a bhfuil liostú i do cheantar tríd an Líonra Comhóstach. Is bealach iontach é páirt a ghlacadh sa líonra chun:
  • Do sheirbhísí agus do phraghsáil a chur chun cinn
  • Teagmháil a dhéanamh le hábhar comhpháirtithe.
  • Oibriú go neamhspleách ar do luas féin.
Is féidir le duine ar bith atá ag lorg comhóstaigh an líonra a chuardach chun comhpháirtí áitiúil ar ardchaighdeán* a aimsiú agus a fhostú. Tá an Líonra Comhóstach ar fáil san Astráil, sa Bhrasaíl, i gCeanada, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, san Iodáil, i Meicsiceo, sa Spáinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe. Leathnófar an líonra go níos mó tíortha in 2025. *Is iondúil go mbíonn rátálacha arda, rátaí cealaithe ísle agus seantaithí ar óstáil ar Airbnb ag óstaigh atá sa Líonra Comhóstach. Tá rátálacha bunaithe ar léirmheasanna aíonna ar liostuithe a óstálann nó a chomhóstálann siad agus b'fhéidir nach léiriú beacht iad ar sheirbhísí uathúla an chomhóstaigh.

An chaoi a n‑oibríonn an Líonra Comhóstach

  • Cuardaíonn óstaigh an líonra ar tóir comhóstach ina gceantar áitiúil
  • Cuireann siad teachtaireacht chuig comhóstaigh faoin tacaíocht a theastaíonn uathu
  • Cinneann comhóstaigh an bhfuil siad ag iarraidh oibriú le chéile chun an chomhpháirtíocht a shainiú
  • Tugann an t‑óstach cuireadh don chomhóstach chun cabhrú lena liostú a leagan amach nó chun tacú leis
  • Na seirbhísí is féidir leat a thairiscint

    Is í do phróifíl chomhóstaigh an áit a gcuireann tú do scileanna chun cinn agus an áit a bhfuil sonraí léi faoi na seirbhísí a chuireann tú ar fáil. Roghnaigh as an liosta seirbhísí  comhóstála:
    • Leagan amach an liostaithe
    • Socrú praghsanna agus infhaighteachta
    • Bainistíocht iarratas ar áirithint
    • Teachtaireachtaí leis na haíonna
    • Tacaíocht ar an láthair d'aíonna
    • Glanadh agus cothabháil
    • Grianghraif a ghlacadh den liostú
    • Dearadh intí agus stíl
    • Ceadúnú agus ceadanna óstála
    Is féidir leat cur síos a dhéanamh freisin ar aon seirbhís bhreise a thairgeann tú, amhail tírdhreachú, anailís ghnó agus oiliúint fáilteachais.Is féidir le hóstaigh atá ag lorg tacaíochta i do cheantar ceisteanna a chur ort agus do chuid seirbhísí a iarraidh. Cuireann algartam cuardaigh an líonra go leor tosca san áireamh — mar shampla, ardchaighdeán, rannpháirtíocht agus suíomh — chun cabhrú le hóstaigh na comhóstaigh a aimsiú atá ceart dá liostú.
    Le bheith incháilithe chun páirt a ghlacadh sa Líonra Comhóstach ní mór duit riachtanais shonracha a chomhlíonadh.
    Tuilleadh eolais
    Michael, comhóstach seanbhunaithe i bPáras
    “Ó thosaigh mé mar chomhóstach, ní mhothaím go bhfuil mé liom féin agus mé ag obair a thuilleadh. Mothaím go bhfuil an tacaíocht agus an spreagadh agam a theastaíonn uaim chun mo ghnólacht a fhorbairt agus mo dhúshlán a thabhairt.”

    Tacaíocht a chuirfidh ar do leas thú

    Feiceálacht roimh óstaigh

    Taispeánfar thú ar an Líonra Comhóstach agus is féidir le hóstaigh i do cheantar do chabhair a fháil ann. Faigh na sonraí.

    Uirlisí speisialaithe

    Bainistigh do ghnólacht ar do bhealach féin. Cuireann an líonra uirlisí ar fáil chun cabhrú leat caidrimh rathúla a bhunú le hóstaigh agus chun tacú leat agus tú ag forbairt do ghnólacht chomhóstála.

    Acmhainní agus pobal

    Déan iniúchadh ar shraith acmhainní oideachasúla ar na huirlisí is féidir leat a úsáid, agus glac páirt i bpobal gníomhach comhóstach a chabhróidh leat tosú.
    Pictiúr de Michael, comhóstach i bPáras, an Fhrainc
    Michael
    An Fhrainc (Páras)
    Pictiúr de Guillermo, comhóstach in Granada, an Spáinn
    Guillermo
    An Spáinn (Granada)
    Pictiúr de Julie, comhóstach in Le Touquet, an Fhrainc
    Julie
    An Fhrainc (Le Touquet)
    Pictiúr de Anne-Lie, comhóstach in Tenerife, an Spáinn
    Anne-Lie
    An Spáinn (Tenerife)
    Pictiúr de Clarysse agus Arthur, Comhóstaigh i bPáras, an Fhrainc
    Clarysse & Arthur
    An Fhrainc (Páras)
    Pictiúr de Ousmane, comhóstach in Nanterre, an Fhrainc
    Ousmane
    An Fhrainc (Nanterre)
    Pictiúr de Gabriel, Comhóstach in Marbella, an Spáinn
    Gabriel
    An Spáinn (Marbella)

    An bhfuil tú ag lorg comhóstaigh?

    Aimsigh óstach áitiúil ar ardchaighdeán atá in ann aire a thabhairt do do theach agus d'aíonna ar an Líonra Comhóstach. Is iondúil go mbíonn rátálacha arda, rátaí cealaithe ísle agus seantaithí óstála ar Airbnb ag óstaigh atá sa Líonra Comhóstach. Tá rátálacha bunaithe ar léirmheasanna aíonna ar liostuithe a óstálann nó a chomhóstálann siad agus b'fhéidir nach léiríonn siad seirbhísí uathúla an chomhóstaigh.

    Ceisteanna coitianta

    Tá an Líonra Comhóstach ar fáil faoi láthair sa Fhrainc, sa Spáinn, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, i Meicsiceo (á chumhachtú ag Airbnb Global Services Limited); i gCeanada, sna Stáit Aontaithe (á chumhachtú ag Airbnb Living LLC); agus sa Bhrasaíl (á chumhachtú ag Airbnb Plataforma Digital Ltda)*Is iondúil go mbíonn rátálacha arda, rátaí cealaithe ísle agus seantaithí óstála Airbnb ag óstaigh atá ar an Líonra Comhóstach. Tá rátálacha bunaithe ar léirmheasanna aíonna ar liostuithe a óstálann nó a chomhóstálann siad agus b'fhéidir nach léiríonn siad seirbhísí uathúla an chomhóstaigh. **Is féidir leat cuid d'eisíocaíocht gach áirithinte a roinnt le do chomhóstach trí Airbnb i mórán tíortha. Tá roinnt teorainneacha ann a bhraitheann ar do shuíomh agus ar shuíomh do chomhóstaigh, nó ar an áit a bhfuil do liostú suite. Tuilleadh eolais.