Sáróstach: Ag tabhairt aitheantais do scoth an fháilteachais
Déanann clár na Sáróstach ceiliúradh ar na hóstaigh is fearr agus is mó taithí ar Airbnb, agus tugann sé luach a saothair dóibh.
Seiceáil do dhul chun cinnBuntáistí do Sháróstaigh
Mar Sháróstach, beidh tú níos sofheicthe, beidh sé ar do chumas níos mó airgid a shaothrú agus gheobhaidh tú luach saothair eisiach. Seo an dóigh ar mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leat as an bhfáilteachas iontach a chuireann tú ar fáil.
Cuir fáilte roimh níos mó aíonna
Má thugann aíonna aird ar Sháróstaigh, d'fhéadfaidís níos mó áirithintí a fháil — agus níos mó airgid dá bharr sin.
Faigh aitheantas speisialta
Tá muinín ag aíonna as Sáróstaigh toisc gurb iadsan scoth na n-óstach. Seasann siad amach níos mó fós lenár gcuid ríomhphost fógraíochta agus lenár gcuid suaitheantas Sáróstaigh.
Faigh rochtain ar luach saothair eisiach
Saothraíonn Sáróstaigh cúpón Airbnb $100 gach bliain a gcoinníonn siad a stádas. Agus nuair a atreoraíonn siad Óstach nua chun clárú, faigheann Sáróstaigh 20% sa bhreis mar aon leis an ngnáthbhónas atreoraithe.
Conas a bheith i do Sháróstach
Gach 3 mhí, seiceálaimid an bhfuil tú ag comhlíonadh na gcritéar seo a leanas le bliain anuas.* Má tá, tuillfidh tú nó coimeádfaidh tú do stádas mar Sháróstach.
Rátáil fhoriomlán 4.8+
Tá meánrátáil fhoriomlán 4.8 nó níos airde ag Sáróstaigh, bunaithe ar léirmheasanna óna n-aíonna Airbnb le bliain anuas. Tá a fhios ag aíonna gur féidir leo a bheith ag súil le fáilteachas den scoth ó na hóstaigh seo.
10+ fanacht
Chríochnaigh Sáróstaigh 10 bhfanacht ar a laghad le bliain anuas nó 100 oíche le linn 3 fhanacht críochnaithe ar a laghad. Is féidir le d'aíonna a bheith muiníneach agus iad ag fanacht ag óstach seanbhunaithe.
Ráta cealaithe <1%
Cuireann Sáróstaigh níos lú ná 1% dá gcuid áirithintí ar ceal, gan imthosca maolaitheacha a bheith san áireamh. Ciallaíonn sé seo 0 cealú d’óstaigh ag a mbíonn níos lú ná 100 áirithint in aghaidh na bliana. Is suaimhneas intinne d’aíonna é nuair nach ndéantar mórán cealuithe.
Ráta freagartha 90%
Freagraíonn Sáróstaigh 90% de theachtaireachtaí nua laistigh de 24 uair an chloig. Nuair a chuireann aíonna ceisteanna ort, bíonn a fhios acu go bhfaighidh siad freagra tapa uait.
Freagraí ar do cheisteanna
Cad a tharlóidh más gá dom áirithint a chur ar ceal mar gheall ar éigeandáil?
Más gá duit áirithint a chur ar ceal mar gheall ar éigeandáil nó ar chúis dhosheachanta, seiceáil an bhfuil an chúis clúdaithe mar imthoisc mhaolaitheach. Má tá, beidh tú ábalta aon phionóis a tharscaoileadh agus ní rachaidh do chealú i gcoinne d'incháilitheachta mar Sháróstach. Tuilleadh eolais faoi pholasaí Airbnb um imthosca maolaitheacha.
Bí cinnte agus déan teagmháil le Airbnb chun éileamh a chur isteach laistigh de 14 lá i ndiaidh duit an áirithint a chur ar ceal (nó sula dtiocfaidh do chéad aoi eile). B'fhéidir go mbeidh ort doiciméid a chur isteach le go ndéanfaidh Airbnb athbhreithniú orthu.An gcaithfidh mé a bheith ag óstáil ar feadh bliana ar a laghad le bheith i mo Sháróstach?
Níl tréimhse íosta ar bith i gceist le bheith i do Sháróstach. Fad is go gcomhlíonann tú na critéir go léir faoin tréimhse mheasúnaithe (a bhíonn ar siúl gach 3 mhí), is féidir leat stádas mar Sháróstach a bhaint amach.
Gach uair a sheiceálaimid ar chomhlíon tú na critéir do Sháróstaigh, caithimid súil siar ar an mbliain atá díreach caite agat ag óstáil chun athbhreithniú a dhéanamh ar do chuid feidhmíochta.An gá dom iarratas a dhéanamh?
Má chomhlíonann tú riachtanais an chláir faoin dáta measúnaithe, déanfar Sáróstach díot go huathoibríoch—ní gá duit iarratas a dhéanamh.Tuilleadh eolais faoi bheith i do Sháróstach.
Cuirfimid do stádas in iúl duit ag deireadh gach tréimhse mheasúnaithe. B'fhéidir go nglacfadh sé suas le seachtain go mbeidh do shuaitheantas Sáróstaigh le feiceáil ar do liostú.