Óstáil eispéireas ar Airbnb
Tuill airgead ag treorú daoine i ngníomhaíochtaí a bhfuil do chroí istigh iontu.
Cad is eispéireas ann?
Is gníomhaíocht thar an ngnáth-thuras nó an ngnáthrang é a cheapann agus a stiúrann muintir na háite i ngach cearn den domhan. Cuir do chathair, do cheird, do chúis nó ar do chultúr ar taispeáint le heispéireas a óstáil.
Ceap gníomhaíocht ar do bhealach féin
Ceap gníomhaíocht ar do bhealach féin
Turas bia ar rothar, grianghrafadóireacht solais san oíche, tapas ar bhád nó ióga (le gabhair).
Múnlaigh agus stiuir gníomhaíocht uathúil a mbeidh daoine ag iarraidh triail a bhaint aisti.
Déan rud a bhfuil dúil agat ann (ar pá)
Déan rud a bhfuil dúil agat ann (ar pá)
Lorg ealaín sráide nó surfáil le luí na gréine: déan brabús ar údar do dhúile.
Saothraigh airgead gan a fhios agat gur ag obair atá tú.
Cruinnigh guthanna ar son do chúise
Cruinnigh guthanna ar son do chúise
Stiúir siúlóid le madraí tarrthála, nó múin faisean eiticiúil. Spreag feasacht faoi do chúis ar bhealach iomlán nua.
Taispeáin do chuid eolais
Taispeáin do chuid eolais
Is iomaí cineál eispéireas atá ann: cócaireacht, ceardaíocht, cadhcáil agus eile. Tá rogha gan chuimse agat. Déan iniúchadh ar na catagóirí seo mar shampla.
Cultúr & Stair
Inis an scéal atá taobh thiar de shainchomharthaí cáiliúla i do chathair.
Bia & Deoch
Óstáil turas bia, rang cócaireachta, eispéireas itheacháin, agus rudaí eile nach iad.
An Dúlra agus Amuigh faoin Spéir
Treoraigh siúlóidí dúlra, spóirt uisce, gníomhaíochtaí sléibhe, agus rudaí eile nach iad.
Táimid ag seasamh leat an bealach ar fad
Táimid ag seasamh leat an bealach ar fad
Acmhainní amhail míreanna agus léargas atá tiomnaithe do do riachtanais óstála, tacaíocht do chustaiméirí 24/7 duit féin agus do d'aíonna, poiblíocht do d'eispéireas, agus go leor eile, chun cabhrú leat do ghnólacht a fhás.
Tascanna
Sceidealú
Íocaíochtaí
Léargais
Uirlisí atá saincheaptha duitse
Deais chun léargas a thabhairt duit, aiseolas faoi conas feabhsú, infheictheacht d'aíonna as gach cearn den domhan trí chuardach agus scagairí, íocaíochtaí gan dua agus go leor eile.
Clúdaíonn AirCover d'Óstaigh Eispéiris freisin
Clúdaíonn AirCover d'Óstaigh Eispéiris freisin
Cuimsíonn AirCover d'Óstaigh $1M in árachas dliteanais d'Eispéiris ar an drochsheans go ngortófaí aoi le linn Eispéireas Airbnb. San áireamh agus saor in aisce i gcónaí.
Conas tosú
Conas tosú
Seo duit forléargas beag ar an bpróiseas, ó thús go deireadh.
1Faigh amach ár gcaighdeáin cháilíochta
1
Bí cinnte go sásaíonn d'eispéireas ár gcaighdeán maidir le saineolas, léargas ón taobh istigh agus dáimh.
2Cuir d'eispéireas isteach
2
Déan cur síos ar an méid atá ar intinn agat agus tabhair grianghraif ardchaighdeáin de chun a thaispeáint conas a bheadh d'eispéireas.
3Téigh i mbun óstála
3
Déanfar athbhreithniú ar d'eispéireas agus má cheadaítear é, beidh tú in ann dátaí a chur le d'fhéilire agus fáilte a chur roimh aíonna.
Ceisteanna Coitianta
An gá go mbeinn ag óstáil tí chun eispéireas a óstáil?
Ní chaithfidh. Ní gá duit aíonna a óstáil thar oíche i do theach nó i do spás le bheith i d'óstach eispéiris.
Cé mhéad ama a theastaíonn dó?
Is féidir leat óstáil chomh minic agus is mian leat—coigeartaigh do dhátaí agus d'amanna go dtí go dtiocfaidh tú ar an rud is oiriúnaí duit.
An bhfuil ceadúnas gnó de dhíth orm?
Ag brath ar na gníomhaíochtaí atá i gceist, d'fhéadfadh ceadúnas gnó a bheith de dhíth maidir le heispéiris áirithe. Bí cinnte agus seiceáil na dlíthe áitiúla i do cheantar le fáil amach cé na ceadúnais a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil le haghaigh d'eispéiris, go háirithe má tá bia, alcól nó iompar i gceist. Tuilleadh eolais