Aip Airbnb ar a dtaispeántar an cluaisín úrnua Teachtaireachtaí agus an scagaire “Uile” roghnaithe, agus na scagairí “Óstáil” agus “Gan Léamh” ina dhiaidh sin.

Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2024

Tá Teachtaireachtaí nua agat

Cluaisín Teachtaireachtaí atá athdheartha ó bhonn

Tá do theachtaireachtaí go léir le hÓstaigh, le haoi agus le tacaíocht san aon áit amháin anois agus mar sin tá sé níos simplí fós iad a chuardach.

Tá páirt ag gach duine sa chomhrá anois

Le teachtaireachtaí grúpa nua tá sé furasta cumarsáid a dhéanamh le gach duine atá páirteach sa turas, ón gcéad chomhrá go dtí an tseiceáil amach deiridh.

Freagraí tapa agus straoiseoga a mbeidh do ❤️ istigh iontu

Molann IS freagraí tapa a chuidíonn leat ceisteanna a fhreagairt ar bhealach níos éifeachtúla ná riamh. Agus leis na straoiseoga nua, is féidir leat freagra a thabhairt le emoji.

Coinnigh súil níos grinne ar do thuilleamh

Léargas níos doimhne i gcairteacha idirghníomhacha

Féach ar do thuilleamh trí amhairc mhíosúla agus bhliantúla, scag de réir an liostaithe agus faigh tuilleadh sonraí faoi na blianta roimhe seo nó réamh-mheastacháin amach anseo.

Tuairiscí ar thuilleamh i mol úsáideach nua

A bhuí le mol nua tuairiscithe, tá sé fíor-éasca ráitis mhíosúla nó bhliantúla a íoslódáil—le miondealú de réir liostaithe agus modha eisíocaíochta freisin.

Nuashonruithe eile a bhí sibh a iarraidh

Aip Airbnb ar a dtaispeántar próifíl nuashonraithe aoi ina bhfuil eolas faoi léirmheasanna, fad an t-achar ar Airbnb, post, fíricí fánacha, teangacha agus na rudaí a bhfuil sé nó sí dúghafa leo.

Faigh tuilleadh eolais faoi na daoine atá tú a óstáil

Tá leideanna d'aíonna sna próifílí anois chun íomhánna níos fearr a ghabháil, chomh maith le stampaí taistil nua, ionas go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar na daoine atá ag teacht.

Aicearra idir óstáil agus taisteal

Tá cnaipe nua atá éasca le haimsiú sa chluaisín Roghchlár trínar féidir leat athrú ón óstáil go dtí an taisteal ach tapáil.
Aip Airbnb ar a dtaispeántar an cluaisín Liostuithe agus rogha chun an Camchuairt Ghrianghrafadóireachta a nuashonrú.

Tuilleadh smachta sa chluaisín Liostuithe

Anois is féidir leat grianghraif do liostaithe a athordú ina seomraí, agus ar ball beidh tú ábalta IS a úsáid chun camchuairt ghrianghrafadóireachta atá ann cheana a nuashonrú.
Tuilleadh eolas faoi uasghráduithe ar an gcluaisín Liostuithe

Bain triail as na gnéithe nua inniu

Tosaigh ag úsáid na ngnéithe nua go léir, ansin roinn do chuid aiseolais chun iad a dhéanamh níos fearr fós.

Seo chugaibh Sa Táin

Catagóir nua d'eispéiris éachtacha á n-óstáil ag na daoine is mó le rá i gcúrsaí ceoil, scannánaíochta, teilifíse, ealaíne, spóirt agus eile.
D'fhéadfadh eispéireas an úsáideora a bheith éagsúil de réir an tsuímh.