Do phraghsáil a rialú

Úsáid lascainí agus saincheap tacair rialacha chun aíonna a mhealladh.
Le Airbnb ar an 4 Ean 2024
Léamh 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 8 Lún 2024

Cuireadh os cionn 30% d'oícheanta sa bhreis in áirithe ag liostuithe ar nuashonraíodh a bpraghsanna ceithre huaire sa bhliain ar a laghad, i gcomparáid le liostuithe nár nuashonraíodh iad, de réir ár sonraí.* Má chuireann tú lascaine i bhfeidhm d'fhéadfadh sí rangú do liostaithe i dtorthaí cuardaigh Airbnb a fheabhsú.

Deir roinnt Óstach ag a bhfuil liostuithe iomadúla linn nach nuashonraíonn siad a bpraghsanna go minic toisc go bhféadfadh sé go leor ama a thógáil. Is bealach simplí iad lascainí chun do phraghas in aghaidh na hoíche a athrú i gcúinsí ar leith. Agus cabhraíonn tacair rialacha leat do straitéis phraghsála a shaincheapadh go héifeachtúil.

Lascainí a roghnú

Is féidir leat lascainí a shocrú do do liostú go díreach ó d'fhéilire nó ón gcluaisín Deiseanna. Smaoinigh ar na buntáistí a bhaineann le gach lascaine agus cinn cé acu atá oiriúnach do do liostuithese. 

  • Lascaine d'achar na tréimhse fanachta: Tairg lascainí do gach fanacht ó dhá lá go 12 sheachtain, lascainí seachtainiúla agus míosúla san áireamh. D'fhéadfadh sin síneadh a chur le meánfhad na dtréimhsí fanachta ag do liostuithe go léir agus líon na n-athruithe idir áirithintí a laghdú.
  • Lascaine ag an nóiméad deiridh: Laghdaigh do phraghas in aghaidh na hoíche de réir mar a dhruideann an dáta don tseiceáil isteach leat. Cuidíonn sin leat aon oícheanta nach bhfuil curtha in áirithe a líonadh agus do chuid ioncaim a mhéadú. Más lascaine 10% nó níos mó í, feiceann aíonna aibhsiú speisialta ar do liostú.
  • Lascaine luatháirithinte: Cuir lascaine le háirithintí a dhéantar idir mí amháin agus 24 mhí roimh an tseiceáil isteach, agus bíodh bonn láidir áirithintí agat do na séasúir atá le teacht. Más lascaine 3% nó níos mó í, feiceann aíonna aibhsiú speisialta ar do liostú.
  • Promóisean do liostú nua: Tairg lascaine 20% ar na chéad trí áirithint ag liostú nua. Faigh áirithintí agus léirmheasanna níos luaithe do do liostuithe.
  • Promóisean saincheaptha: Roghnaigh tusa na dátaí agus an céatadán de do phraghas. Más lascaine 15% nó níos mó í, feiceann aíonna aibhsiú speisialta ar do liostú.
  • Lascaine neamh-in-aisíoctha: In éineacht le do pholasaí cealaithe, cuir lascaine 10% ar do phraghas agus coinnigh d'eisíocaíocht, is cuma cén uair a chuireann aíonna an áirithint ar ceal.

Braitheann an áit a bhfaigheann aíonna lascainí ar chéatadán na lascaine.

  • Lascaine 1% nó níos mó: Faigheann aíonna miondealú líne ar do lascaine ar do liostuithe (mura bhfeiceann siad do phraghas iomlán cheana féin) agus ag an gcuntar amach. Ní bhaineann sin leis an lascaine ag an nóiméad deiridh.
  • Lascaine 10% nó níos mó: Feiceann aíonna líne trí do phraghas in aghaidh na hoíche sna torthaí cuardaigh agus ar do liostú, chomh maith le gach rud eile thuas.

  • Lascaine 20% nó níos mó: D'fhéadfadh sé go bhfeicfeadh aíonna a chuardaigh liostuithe i do cheantar le déanaí do liostuithe i ríomhphoist Airbnb, chomh maith le gach rud thuas.

Ó mhí na Samhna 2023, bhain thart ar an gceathrú cuid de na hoícheanta curtha in áirithe i dtréimhsí fanachta níos faide le turais trí mhí nó níos faide. Is gnách le haíonna a bhfuil spéis acu i dtréimhsí fanachta níos faide liostuithe lena ngabhann lascainí a chuardach.

Tacair rialacha praghsála agus infhaighteachta a úsáid

Mura mian leat lascaine a chur leis na dátaí go léir atá ar fáil, le tacair rialacha is féidir do shocruithe don phraghas in aghaidh na hoíche agus do shocruithe féilire a choigeartú de réir tosca áirithe. Is féidir leat do thacair rialacha a chur i bhfeidhm ar liostuithe iomadúla nó ar liostú amháin.

Smaoinigh ar an tráth den bhliain agus tú ag cinneadh conas tacair rialacha a úsáid. Mar shampla, abair go n-athraíonn an t-éileamh i do cheantar leis na séasúir. D'fhéadfá tacar rialacha a chruthú a choigeartóidh do shocruithe na tráthanna a mbíonn níos lú áirithintí ann de ghnáth. D'fhéadfá a roghnú lascainí luatháirithinte agus lascainí d'achar na tréimhse fanachta a chur leis, d'uasfhad fanachta a mhéadú, agus áirithintí ar an lá céanna a chur ar fáil chun aíonna a mhealladh chun na dátaí atá ar fáil a chur in áirithe.

Chomh maith le lascainí, is féidir leat na socruithe infhaighteachta seo a athrú i dtacar rialacha.

  • Riachtanais maidir le fad an turais: Socraigh an fanacht íosta agus uasta, is féidir a shaincheapadh de réir lae. 
  • Riachtanais don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach: Roghnaigh na laethanta a sheiceálann aíonna isteach agus amach. 

Tacair rialacha a shocrú

Chun tacair rialacha a úsáid, bí cinnte gur ghlac tú le huirlisí óstála gairmiúla. (Má tá sé liostú nó níos mó agat, glacann tú leo go huathoibríoch.) Níl na huirlisí sin ar fáil ach ar an ríomhaire deisce. 

Nuair a chuirfear tacar rialacha i bhfeidhm, sáróidh sé aon socruithe praghsála agus infhaighteachta in aghaidh na hoíche atá ann cheana, Praghsáil Chliste san áireamh.

Chun tacar rialacha nua a chruthú:

  1. Téigh chuig d'Ilfhéilire.
  2. Roghnaigh na dátaí ar mhian leat tacar rialacha a chur i bhfeidhm orthu.
  3. Sa phainéal, roghnaigh na rialacha.
  4. Cliceáil Cruthaigh tacar rialacha nua.
  5. Tabhair ainm ar do thacar rialacha (mar shampla “Buaicshéasúr”). 
  6. In aice leis an riail is mian leat a chur leis, cliceáil Saincheap.
  7. Cuir isteach do rialacha praghsála agus infhaighteachta.
  8. Cliceáil Sábháil.
  9. Chun riail a bhaint, cliceáil Cuir ar ceal.

Chun tacar rialacha atá ann cheana a chur in eagar:

  1. Téigh chuig d'Ilfhéilire.
  2. Cliceáil tacair rialacha.
  3. Scrollaigh chuig an tacar rialacha is mian leat a bhainistiú, ansin cliceáil Cuir in eagar.

*Bunaithe ar shonraí Airbnb maidir le liostuithe gníomhacha ó mhí Iúil 2022

Má úsáideann tú bogearraí atá nasctha le API, beidh rochtain agat ar na gnéithe sin ó do bhogearraí má chomhtháthaigh do sholáthraí iad. Mura n-úsáideann, déan teagmháil le do sholáthraí chun a fháil amach cathain a bheidh siad ar fáil. Ní féidir promóisin shaincheaptha a chur i bhfeidhm ach go díreach ar Airbnb. D'fhéadfadh sé nach dtaispeánfaí roinnt gnéithe marsantachta, amhail líne trí phraghsanna, i gcás promóisean i roinnt áiteanna.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
4 Ean 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?