Cabhraigh le liostú óstaigh a thabhairt chun suntais
Roinn an t-eolas a fuair tú ón óstáil chun liostú iontach a chur le chéile. Oibrigh leis an óstach chun liostú nua a chruthú nó liostú atá ann cheana a nuashonrú.
Is gnách go dtugann aíonna tús áite do ghrianghraif, cur síos agus léirmheasanna aíonna ar liostú agus cinneadh á dhéanamh acu an ndéanfaidh siad áirithint.* Dírigh ar na tosca sin, chomh maith le saoráidí agus praghsáil, chun liostú a chur ar bun chun go n-éireoidh leis.
Grianghraif
Léirigh taighde úsáideoirí go bhfuil íomhánna ardchaighdeáin ar cheann de na tosca is tábhachtaí d'aíonna agus iad ag smaoineamh ar cé acu liostú a chuirfidh siad in áirithe. Mura bhfuil grianghraif ghairmiúla dá (h)áit a glacadh le déanaí ag óstach, mínigh an tábhacht a bhaineann le grianghraif agus mol grianghrafadóir nó clár grianghrafadóireachta gairmiúla Airbnb.
Cur síos ar an liostú
Ba chóir go dtuigfeadh óstaigh go bhfuil an cur síos ar cheann de na gnéithe is luachmhaire de liostú éifeachtach. Deir Jimmy, comhóstach in Palm Springs, California, “[gur] féidir gach cur síos ar liostú a bharrfheabhsú,” agus mar sin tairgeann sé cabhair d'óstaigh chun a gcinn féin a chumadh.
“Dírím ar na fíricí,” arsa Jimmy. “Tá linn snámha sáile agat nó níl linn snámha sáile agat. Tá an pobal príobháideach nó níl an pobal príobháideach. Is mothúcháin iad go leor leor aidiachtaí, cinn atá suibiachtúil agus nach dtugann cur síos cruinn. Nuair a insítear na fíricí cruthaítear an pictiúr.”
Saoráidí
Is minic a scagann aíonna a dtorthaí chun liostuithe a aimsiú ina bhfuil na saoráidí a theastaíonn uathu. I measc na saoráidí is mó a chuardaítear tá linn snámha, Wi-Fi, páirceáil saor in aisce, cistin, tobán te, aerchóiriú, meaisín níocháin agus féinseiceáil isteach.**
Déan machnamh ar an méid a d'oibrigh sna liostuithe a d'óstáil tú agus roinn do chuid eolais le hóstaigh. Mar shampla:
- A chinntiú nach bhfuil aon saoráidí a thairgeann siad in easnamh ar a liostú
- Míniú a thabhairt ar an sochar a bhaineann le saoráidí amhail Wi-Fi nó glas cliste a chur leis nó a uasghrádú
- Samplaí a thabhairt faoin gcaoi a ndeachaigh uasghráduithe ar liostuithe eile a dtacaíonn tú leo i bhfeidhm ar aíonna
- Athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe sábháilteachta agus inrochtaineachta le hóstaigh chun a fháil amach cad eile a d'fhéadfaidís a chur lena liostú
Straitéis phraghsála
B'fhéidir nach bhfuil taithí ag óstaigh ar phraghsáil. Is féidir leat do shaineolas áitiúil agus uirlisí praghsála Airbnb a úsáid chun treoir a chur ar fáil. Samplaí de straitéisí:
- Lascaine sheachtainiúil nó mhíosúil a chur leis
- Táillí as glantachán nó peataí a ísliú nó a bhaint
- An praghas in aghaidh na hoíche a choigeartú de réir éileamh séasúrach
Oibriú le chéile chun cur chuige agus an méid smachta atá agat a roghnú. Molann Dominic, comhóstach i gCorn na Breataine, Sasana, an praghas in aghaidh na hoíche a choigeartú go rialta.
“Gach seachtain nó gach re seachtain, déanfaidh mé athbhreithniú ar na réadmhaoine,” ar seisean. “Má táthar á gcur in áirithe go tapa, tá a fhios agat go bhfuil mianach sa phraghas. Mura bhfuil na daoine ach ag amharc gan áirithint a dhéanamh, b'fhéidir go bhfuil praghas ró-ard air."
Léirmheasanna na n-aíonna
Léann go leor aíonna léirmheasanna chun an liostú a fhreastalaíonn ar a gcuid riachtanas a aimsiú. Cuidigh le hóstaigh a thuiscint gur deis é freagra a thabhairt ar léirmheasanna chun a chur in iúl d'aíonna gur suim leat an t-eispéireas a bhíonn acu agus go bhfuil tú sásta glacadh le moltaí.
Déan cinneadh cé a thabharfaidh freagra ar léirmheasanna aíonna. Más fearr leis an óstach iad a láimhseáil, is féidir leat freagraí samplacha a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar chineálacha éagsúla aiseolais.
- Buíochas a ghabháil le haíonna: “Go raibh maith agat as do léirmheas! Is mór againn gur thóg tú an t-am chun machnamh a dhéanamh ar do thuras."
- Feabhsuithe a roinnt: “Tá brón orainn go raibh na leapacha míchompordach. Tá do chuid codlata tábhachtach agus mar sin chuireamar barráin tochta ar fáil."
“Ní cheapaim go mbeidh léirmheasanna gan locht ag aon óstach,” arsa Andrew, aoi atá ina Sháróstach i mBeirlín freisin. “Táim i bhfad níos tógtha leo siúd a ghlacann go dáiríre le haiseolas cáinteach.”
Ná déan dearmad an cur síos ar an liostú agus na grianghraif a nuashonrú aon uair a dhéanfaidh tú féin nó an t-óstach feabhsuithe ar an spás.
*De réir thaighde Airbnb a rinneadh i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2023 le beagnach 7,000 aoi san Astráil, sa Bhrasaíl, i gCeanada, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i Meicsiceo, sa Chóiré Theas agus sa Spáinn, sa Ríocht Aontaithe agus sna Stáit Aontaithe.
**De réir shonraí inmheánacha Airbnb lena dtomhaistear na saoráidí ba mhinice a cuardaíodh ar fud an domhain ón 1 Eanáir go dtí an 30 Meitheamh 2024.
Tá an Líonra Comhóstach ar fáil sa Fhrainc, sa Spáinn, san Iodáil, sa Ghearmáin, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, i Meicsiceo (arna chumhachtú ag Airbnb Global Services Limited), i gCeanada, sna Stáit Aontaithe (arna chumhachtú ag Airbnb Living LLC), agus sa Bhrasaíl (arna chumhachtú ag Airbnb Plataforma Digital Ltda).
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.