Ceadanna nua do Chomhóstaigh agus eisíocaíochtaí simplí
Nóta ón eagarthóir: Foilsíodh an mhír seo mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023. Seans gur athraigh an t-eolas ó foilsíodh í. Faigh tuilleadh eolais faoinár nuashonrú táirge is déanaí.
Is lú an obair agus is mó an luach saothair a bhaineann leis an óstáil má tá Comhóstach agat. D'fhéadfaidís a bheith ina gcomharsana, ina mbaill teaghlaigh, ina gcairde nó ina bhfostaithe agat. Is féidir le Comhóstaigh cabhrú leat d'fhéilire a bhainistiú, do liostú a nuashonrú agus freagraí a thabhairt ar aíonna.
Insíodh dúinn gur theastaigh uaibh a bheith in ann a chinneadh cad é a bhfuil rochtain ag Comhóstaigh air ar do liostú agus eisíocaíochtaí a roinnt ar d'áirithintí, go díreach ar Airbnb. Rinneamar ár n-uirlisí comhóstála a nuashonrú chun an óstáil a dhéanamh níos éasca.
Do chuid uirlisí comhóstála a aimsiú
Téigh chuig an gcluaisín Liostuithe agus roghnaigh liostú. Scrollaigh chuig an rannóg Comhóstaigh chun rochtain a fháil ar eolas faoi do Chomhóstaigh, a gceadanna a shocrú agus a n-eisíocaíochtaí a chur ar bun.
Is féidir leat cuireadh a thabhairt do Chomhóstaigh nua freisin. Beidh cuntas Airbnb de dhíth orthu chun glacadh le do chuireadh.
Ceadanna a shocrú do Chomhóstaigh
Nuair a thabharfaidh tú cuireadh do Chomhóstach, iarrfar ort na rudaí a bhfuil rochtain aige nó aici orthu a roghnú chun cabhrú le do liostú a bhainistiú. I measc na roghanna tá:
Rochtain iomlán, chun an féilire agus an liostú a bhainistiú, ceadanna Comhóstach eile a bhaint agus a shocrú, teachtaireachtaí a chur chuig aíonna, breathnú ar eisíocaíochtaí agus ar stair na n-idirbheart, agus iarratais ar aisíocaíocht a chur isteach agus a bhainistiú thar do cheann san Ionad Réitigh agus faoi chosaint damáiste d'Óstaigh*
Rochtain ar an bhféilire agus ar theachtaireachtaí, chun an féilire a fheiceáil agus teachtaireachtaí a chur chuig aíonna
Rochtain ar an bhféilire, chun an féilire agus na sonraí don tseiceáil isteach agus don tseiceáil amach a fheiceáil
Beidh gach Comhóstach le feiceáil mar Chomhóstach ar do liostú, seachas iad siúd ag a bhfuil rochtain ar an bhféilire amháin. Is féidir le Comhóstaigh a bhfuil rochtain iomlán acu iad féin a shocrú mar phríomhóstach ar an liostú, nó is féidir leat é sin a roghnú. Is féidir leat ceadanna Comhóstaigh a athrú ag am ar bith.
Eisíocaíochtaí a roinnt le Comhóstaigh ar Airbnb
Is féidir leat a roghnú cion de do thuilleamh a roinnt le Comhóstach amháin nó níos mó. Nuair a bheidh eisíocaíochtaí comhroinnte curtha ar bun agat agus nuair a dheimhneoidh do Chomhóstach, gheobhaidh sé nó sí eisíocaíochtaí as áirithintí tar éis d'aíonna seiceáil isteach. Tá teorainneacha le comhroinnt eisíocaíochtaí i roinnt áiteanna. Faigh tuilleadh sonraí
Is cuid de Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023 iad na huirlisí comhóstála sin, ina bhfuil 25 uasghrádú d'Óstaigh.
Bainistigh ceadanna agus eisíocaíochtaí do Chomhóstaigh
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
*Ní féidir le Comhóstaigh ag liostuithe atá lonnaithe sa tSeapáin iarratais a thosú, a bhainistiú ná a réiteach san Ionad Réitigh maidir le hearraí a ndearnadh damáiste dóibh nó atá ar iarraidh agus ní féidir leo iarratais ar aisíocaíocht a thosú, a bhainistiú ná a réiteach faoi chosaint damáiste d'Óstaigh thar ceann Óstach.
Ní polasaí árachais é cosaint damáiste d'Óstaigh. Ní chosnaíonn sé Óstaigh a chuireann áiteanna fanachta ar fáil sa tSeapáin, mar a bhfuil Árachas d'Óstaigh na Seapáine i bhfeidhm. Maidir le hÓstaigh a chuireadh áiteanna fanachta ar fáil ar mhórthír na Síne, tá feidhm ag an bPlean Cosanta d'Óstaigh sa tSín. Is in USD a thaispeántar na teorainneacha cumhdaigh go léir.
Maidir le liostuithe i stát Washington, tá oibleagáidí conarthacha Airbnb faoi chosaint damáiste d'Óstaigh clúdaithe ag polasaí árachais a cheannaigh Airbnb.
Tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir téarmaí, coinníollacha agus teorainneacha ach amháin i gcás Óstaigh arb í an Astráil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta. Maidir leis na hÓstaigh sin, tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir na dtéarmaí, na gcoinníollacha agus na dteorainneacha seo.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.