Cuidíonn buaicphointe nua le tithe den scoth a thabhairt chun suntais
Cuireann aíonna a muinín in Óstaigh gach uair a dhéanann siad áirithint. Ba cheart go mbeadh siad muiníneach go bhfuil a fhios acu cad atá rompú sula ndéanfaidh siad áirithintí.
Bealach amháin d'aíonna le háit iontach le fanacht a fháil is ea trí Mór ag Aíonna—na tithe is ansa leis na haíonna féin ar Airbnb.
Ó mhí na Bealtaine i leith, tabharfaidh aibhsiú nua na liostuithe is fearr chun suntais agus éascóidh sé d'aíonna an áit is oiriúnaí dá gcuid riachtanas a roghnú.
Cad é an t-aibhsiú?
Cuireann an t-aibhsiú nua liostuithe incháilithe i gcomparáid le liostuithe eile ó thaobh rátálacha, léirmheasanna agus iontaofachta de. Tá liostuithe a bhfuil cúig léirmheas ar a laghad acu le dhá bhliain anuas incháilithe i gcomhar aibhsithe.
Aibhsítear an chéad 10% de liostuithe incháilithe leis an méid seo a leanas:
- Corn óir
- Suaitheantas óir 'Mór ag Aíonna'
- Lipéad ar a bhfuil rangú an liostaithe sa chéad 1%, 5% nó 10%
Feictear aibsiú an chéad 10% ar leathanach an liostaithe agus os cionn na léirmheasanna.
Taispeánfaimid d'aíonna freisin má tá liostú sa 10% is ísle de na liostuithe incháilithe. Feictear aibsiú an 10% is ísle os cionn na léirmheasanna.
Nuashonraítear an t-aibhsiú go rialta de réir tosca éagsúla, ina measc sin:
- Rátálacha foriomlána réalta agus aiseolas i léirmheasanna aíonna
- Rátálacha fochatagóire maidir le seiceáil isteach, glaineacht, cruinneas, cumarsáid an Óstaigh, suíomh agus luach ar airgead
- Rátaí cealaithe an Óstaigh
- Fadhbanna a bhaineann le cáilíocht a tuairiscíodh do Thacaíocht Phobail Airbnb
Leanfaidh tú ort ag fáil fógra aon uair a dhéanfaidh aoi rátáil agus léirmheas ar do liostú nó aon uair a thuairisceofar fadhb a bhaineann le hardchaighdeán. Agus is féidir leat fós léarmheas a thuairisciú a chreideann tú go sáraíonn sé ár bPolasaí um Léirmheasanna.
Faigh leideanna maidir le hóstáil 5 réalta
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.