Sé bhealach chun áirithintí ag an nóiméad deiridh a fháil
Fiú ag na liostuithe is mó éilimh, bíonn oícheanta oscailte gan choinne uaireanta. Smaoinigh ar na sé leid seo chun áirithintí ag an nóiméad deiridh a mhealladh agus do thuilleamh a uasmhéadú.
1. Cuir lascaine ag an nóiméad deiridh leis
Spreagann lascainí ag an nóiméad deiridh aíonna le háirithint a dhéanamh. Baineann siad le háirithintí a dhéantar idir lá amháin agus 28 lá roimh an tseiceáil isteach.
Maidir le lascainí 10% nó níos mó ar do phraghas airmheánach 60 lá, feiceann aíonna aibhsiú speisialta ar leathanach do liostaithe agus i dtorthaí an chuardaigh. Feictear do phraghas lascainithe in éineacht le do phraghas bunaidh, a mbíonn líne tríd.
Cuir lascaine ag an nóiméad deiridh leis:
- Téigh go dtí an gcluaisín Praghsáil i bhféilire do liostaithe.
- Faoi Tuilleadh lascainí, oscail Lascainí ag an nóiméad deiridh.
- Cuir líon na laethanta roimh theacht an aoi isteach, idir 1 agus 28.
- Cuir isteach céatadán na lascaine ba mhaith leat a thairiscint.
Is féidir leat an lascaine a choigeartú de réir na huaire a dhéantar áirithintí, á hardú go hincriminteach de réir mar a thagann an dáta níos gaire, mar shampla.
Tabhair faoi deara nach mbíonn an lascaine sin ar fáil nuair atá Praghsáil Chliste casta air.
2. Ceadaigh tréimhsí fanachta níos giorra
D'fhéadfadh sé nach mbeadh ach lá nó dhó le dul ag taisteal ag aíonna atá ag lorg saoirí gearra ar an toirt. Nuair a íslíonn tú d'íosfhad turais tugtar an rogha dóibh tréimhsí fanachta níos giorra a chur in áirithe, agus cuidíonn sé sin leat teacht ar thaistealaithe ag an nóiméad deiridh.
Chun d'íosfhad turais a ísliú:
- Téigh go dtí an gcluaisín Infhaighteacht i bhféilire do liostaithe.
- Tapáil Íoslíon oícheanta faoi Fad an turais.
- Cuir an t-íosfhad turais in eagar agus roghnaigh an líon oícheanta a oireann duit.
3. Cuir do liostú i gcomparáid le liostuithe den chineál céanna i do cheantar
Cuidíonn uirlis Airbnb 'cuir do liostú i gcomparáid le liostuithe den chineál céanna' leat praghas iomaíoch a shocrú d'oícheanta nach bhfuil in áirithe. Féach ar mheánphraghsanna liostuithe den chineál céanna i do cheantar ar na dátaí céanna agus smaoineamh ar do ráta in aghaidh na hoíche a choigeartú.
Chun do liostú a chur i gcomparáid le liostuithe den chineál céanna:
- Téigh go dtí an gcluaisín Praghsáil i bhféilire do liostaithe.
- Roghnaigh raon dátaí suas le 31 lá.
- Tapáil Féach ar liostuithe den chineál céanna.
Taispeánfaidh léarscáil de do cheantar meánphraghsanna liostuithe den chineál céanna in aice láimhe, bunaithe ar thosca amhail suíomh, méid agus saoráidí. Bain úsáid as na cnaipí ar an léarscáil chun liostuithe atá in áirithe nó nach bhfuil in áirithe a thaispeáint.
“Bím i gcónaí ag seiceáil go bhfuil mo phraghsáil iomaíoch agus is mian liom an méid atá óstaigh eile i mo cheantar ag fáil in aghaidh na hoíche a fheiceáil,” arsa Felicity, ball de Bhord Comhairleach na nÓstach agus Sáróstach in New South Wales, an Astráil.
4. Coigeartaigh do phraghas in aghaidh na hoíche
Dá laghdófá go sealadach do phraghas ar oícheanta nach bhfuil in áirithe, d'fhéadfadh sé cabhrú leat aíonna a spreagadh le do theach a chur in áirithe. Is gnách go mbíonn rangú níos airde sna torthaí cuardaigh ag liostuithe ar a bhfuil praghsanna níos ísle ná liostuithe eile den chineál céanna in aice láimhe. Is féidir leat do phraghas a choigeartú arís níos déanaí agus tú ag cur fáilte roimh níos mó aíonna agus chun do spriocanna tuillimh a bhaint amach.
5. Giorraigh an réamhfhógra
Smaoinigh ar ligean d'aíonna áirithint a dhéanamh níos gaire don tseiceáil isteach chun d'fhéilire a líonadh le linn an tséasúir chiúin. Is féidir leat an lá céanna a roghnú mar aga idir déanamh na háirithinte agus teacht an aoi ag brath ar an méid ama a theastaíonn uait idir áirithint aoi agus teacht aoi.
“Tuigim don té atá ag taisteal agus lóistín ag teastáil ag an nóiméad deireanach. Mar sin, ní maith liom teorainn a chur leis an uair is féidir iarratas ar áirithint a sheoladh isteach,” arsa Myranda, Sáróstach in Little Rock, Arkansas. “Fiú mura bhfuil duine éigin le teacht an chéad lá eile, cinnteoidh mé go bhfuil an spás glan réidh."
Chun an t‑aga íosta idir déanamh na háirithinte agus teacht an aoi a athrú:
- Téigh chuig an gcluaisín Infhaighteacht i bhféilire do liostaithe.
- Oscail Réamhfhógra.
- Roghnaigh an líon laethanta a oireann duit.
Is féidir leat iarratais a cheadú freisin lena ngabhann fógra níos giorra ná an t-aga íosta atá roghnaithe agat idir déanamh na háirithinte agus teacht an aoi. Iarrfar ort na hiarratais sin a athbhreithniú agus a cheadú.
6. Cuir ceist ar do chairde agus do theaghlach
Déan teagmháil le do theagmhálaithe pearsanta ar na meáin shóisialta, ríomhphost nó téacs, agus cuir in iúl dóibh go bhfuil do theach ar fáil. B'fhéidir go spreagfaí duine éigin i do líonra chun turas spontáineach a chur in áirithe.
Amhail aon fhanacht eile a óstáil, tá cumarsáid shoiléir ríthábhachtach—go háirithe i gcás áirithintí ag an nóiméad deiridh, b'fhéidir. Má dhéanann aoi áirithint agus níos lú ná 48 n-uair an chloig ann roimh an tseiceáil isteach, is féidir leis nó léi am don tseiceáil isteach a roghnú lasmuigh den ghnáth-ionú don tseiceáil isteach. Má tá Áirithint ar an bPointe ag do liostú, gheobhaidh tú fiosrú áirithinte. Bíodh treoracha soiléire don tseiceáil isteach ar bharra do mhéar agat, agus inis don aoi má theastaíonn níos mó ama uait idir tréimhsí fanachta.
Íocadh óstaigh as a rannpháirtíocht sna hagallaimh.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.