Spás fáilteach compordach a chruthú

Bíodh na bunriachtanais agat, coinnigh glan é agus léirigh do phearsantacht.
Le Airbnb ar an 18 Noll 2019
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 18 Noll 2019

Buaicphointí

  • Cuidigh le haíonna a mhothú go bhfuil fáilte rompu trí spás a dhéanamh dá gcuid giuirléidí

  • Cuir rudaí beaga tuisceanacha leis, amhail bláthanna agus luchtairí fóin

  • Cuir tuáillí breise, páipéar leithris, agus bunáiseanna amhail caife agus tae ar fáil

Pé cineál spáis a roinneann tú ar Airbnb, tá cúpla rud simplí ann is féidir leat a dhéanamh chun é a dhéanamh fáilteach agus compordach agus tú ag déanamh réidh chun fáilte a chur roimh do chéad aíonna.

Bí ag cleachtadh dearadh tuisceanach

Is féidir le gnéithe dearaidh tuisceanacha cabhrú le do spás a bheith níos seascaire agus níos fáiltí—agus ní gá go mbeidís casta ná costasach.

Seo roinnt leideanna maidir le dearadh tuisceanach:

  • Bíodh rudaí ann a thaispeánann do phearsantacht, amhail cuimhneacháin ó do chuid taistil
  • Seachain an iomarca spáis a fhágáil folamh, rud a d'fhéadfadh a bheith leamh agus neamhphearsanta
  • Roghnaigh pailéad dathanna agus déan do shaothar ealaíne, do theicstílí agus sonraí eile a chomhordú
  • Smaoinigh ar rud mór a tharraingeodh aird a chur leis, amhail daingneán solais láidir nó cathaoir mhór
  • Cuir plandaí nó bláthanna ann chun beocht a chur leis

Faigh neart saoráidí

Ní mór duit páipéar leithris, gallúnach, tuáille amháin agus piliúr amháin in aghaidh an aoi, agus línéadach tí a chur ar fáil do gach leaba aoi, ar a laghad.

Is iondúil gur mór ag aíonna na nithe seo a leanas freisin:

  • Tuáillí, blaincéid agus piliúir sa bhreis
  • Seampú agus feabhsaitheoir gruaige
  • Triomadóir gruaige
  • Bunáiseanna amhail caife, tae agus citeal
  • Soláthairtí bunúsacha glantacháin

Faigh tuilleadh eolais faoi shaoráidí

Cruthaigh seomra leapa teolaí

Is é an seomra leapa an áit a mbeidh na haíonna ina gcodladh agus an áit a stórálfaidh siad a gcuid rudaí féin, mar sin tá sé tábhachtach go mbeadh sé compordach. Smaoinigh ar na rudaí a d'fhéadfadh cabhrú leat a bheith ar do shuaimhneas i spás duine eile.

Mar shampla, d'fhéadfá:

  • Spás a chur ar fáil le haghaidh earraí pearsanta trí chófra tarraiceán ina bhfuil tarraiceáin fholmha, vardrús ina bhfuil roinnt crochadáin folmha, nó raca bagáiste a chur ar fáil
  • Tábla cois leapa agus lampa a chur ann, ionas gur féidir le haíonna a spéaclaí, a bhfóin nó a leabhair a choinneáil in aice leis an leaba
  • Tocht ardchaighdeáin, cúpla piliúr breise agus blaincéid bhoga a chur ar fáil chun leibhéil chompoird éagsúla a chur ar fáil
  • Roinnt plandaí, scáthán, caraf agus gloine le haghaidh uisce, cuibheoir cumhachta idirnáisiúnta agus luchtaire ilfhón a chur ar fáil chun atmaisféar fáilteach a chruthú sa seomra leapa

Cuir dlaíóga mullaigh leis

Is féidir leat cabhrú le d'aíonna taitneamh a bhaint as an bhfanacht ach cúpla rud eile a dhéanamh chun cur le d'fháilteachas iontach.

1. Faigh réidh leis an tranglam. Má tá cónaí ort sa spás atá á roinnt agat le haíonna, tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar na hearraí a choinneoidh tú amuigh agus na cinn a chuirfidh tú ar leataobh. Má fhaigheann tú réidh le do chuid earraí pearsanta agus má stórálann tú iad ar bhealach deas, d'fhéadfá cuma níos oscailte agus níos fáiltí a chur ar do spás.

2. Tabhair treoracha. Cuidigh le haíonna tuiscint a fháil ar an gcaoi le gach fearas agus gné (amhail teallach gáis, aerchóiriú nó doras an gharáiste) atá ar fáil dóibh a oibriú. Is féidir leat na treoracha sin a chur i do lámhleabhar tí.

3. Caith an oíche ann. Nuair a fhanann tú thar oíche i do spás ó am go chéile bíonn sé níos éasca a dhéanamh amach cad atá in easnamh nó cad is gá a fheabhsú. An bhfuil cuma theolaí mhealltach ar an spás? An bhfuil gach rud atá uait ann ionas go mbraithfeá compordach agus ar do shuaimhneas? Coinnigh ort ag athrú rudaí go dtí gur féidir leat “tá” a fhreagairt ar an dá cheist sin.

4. Coinnigh gach rud glan. Cibé acu a ghlanann tú do spás tú féin nó a fhostaíonn tú gairmí, tá sé tábhachtach go gcoinneofá do theach slachtmhar agus go leanfá an próiseas glantacháin cúig chéim roimh gach aoi agus i ndiaidh gach aoi. Is féidir leat táille ghlantacháin a chur leis chun costas do chuid ama nó am do ghlantóra a chlúdach. Chun cabhrú leat do spás a ullmhú d'aíonna tá seicliosta is féidir leat a úsáid cruthaithe againn.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Buaicphointí

  • Cuidigh le haíonna a mhothú go bhfuil fáilte rompu trí spás a dhéanamh dá gcuid giuirléidí

  • Cuir rudaí beaga tuisceanacha leis, amhail bláthanna agus luchtairí fóin

  • Cuir tuáillí breise, páipéar leithris, agus bunáiseanna amhail caife agus tae ar fáil

Airbnb
18 Noll 2019
Ar chabhraigh sé seo leat?