Áirithint ar an bPointe a thuiscint

Is féidir le hÁirithint ar an bPointe an próiseas déanta áirithinte a shimpliú agus do liostú a thabhairt chun suntais.
Le Airbnb ar an 14 Noll 2020
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 1 Beal 2024

Le hÁirithint ar an bPointe, tugtar deis d'aíonna do theach a chur in áirithe láithreach ar na dátaí atá ar fáil. Ní gá duit gach iarratas ar áirithint a athbhreithniú ná glacadh leo ceann ar ceann, rud a shábhálann am. Is maith le go leor aíonna an áisiúlacht a bhaineann le hÁirithint ar an bPointe.

Conas a oibríonn Áirithint ar an bPointe

Is féidir leat Áirithint ar an bPointe a chasadh air nó as ag am ar bith. Nuashonraigh do chuid socruithe áirithinte sa chluaisín Liostuithe.

Agus iad ag úsáid Áirithint ar an bPointe, caithfidh gach aoi a dhéanann áirithint dul trí phróiseas deimhnithe aitheantais Airbnb, glacadh le do rialacha tí, agus do riachtanais d'aíonna a chomhlíonadh.

Is féidir leat do riachtanais a shocrú ionas nach mbeidh Áirithint ar an bPointe ar fáil ach d'aíonna a bhfuil cuntas teiste dearfach acu. Ciallaíonn sé sin go bhfuil fanacht amháin ar a laghad críochnaithe acu agus nach bhfuil léirmheasanna diúltacha ar bith faighte acu.

Má theastaíonn ID rialtais uait le linn seiceáil isteach ar an láthair, nó má tá sé riachtanach san áit a bhfuil do réadmhaoin, is féidir leat é sin a iarraidh ar aíonna ach teachtaireacht a chur chucu trí do chluaisín Teachtaireachtaí.

Beidh ort d'fhéilire a choinneáil cothrom le dáta nuair a úsáideann tú Áirithint ar an bPointe. Smaoinigh ar d'fhéilire Airbnb a shioncronú le féilirí ar bith eile a úsáideann tú. Cuidíonn sé sin leat áirithintí gan choinne a sheachaint agus gan áirithintí a chur ar ceal mar gheall ar earráid sceidealaithe, rud a d'fhéadfadh táillí cealaithe agus iarmhairtí eile a bheith mar thoradh air.

Is féidir leat áirithint a chur ar ceal gan iarmhairtí ar chúiseanna bailí, amhail aoi a chuireann in iúl go soiléir gur dócha go mbrisfidh sé nó sí ceann de do rialacha tí. Coinnigh i gcuimhne nach féidir leat áirithint a chur ar ceal choíche ar chúis ar bith a sháraíonn polasaí neamhleithcheala Airbnb.

An fáth a bhféadfá iarratais ar áirithint a fháil fós

Tá roinnt cásanna ann ina bhféadfá iarratais ar áirithint a fháil fiú agus tú ag úsáid Áirithint ar an bPointe:

  • Tá d'fhéilire as dáta.
  • Chuir tú áirithint ar ceal le déanaí.
  • Féadfaidh aoi nach gcomhlíonann do chuid riachtanas iarratas ar áirithint a sheoladh. 

Beidh ort freagra a thabhairt trí ghlacadh leis an áirithint nó diúltú dó, nó teachtaireachtaí a chur chuig d'aíonna ionchasacha faoi cheann 24 uair an chloig.

Roghnaigh an socrú áirithinte a oireann duitse

Is agatsa atá an smacht ar an uair agus an dóigh a gcuireann aíonna d'áit in áirithe. Cé go bhfuil éifeachtúlacht agus áisiúlacht ag baint le hÁirithint ar an bPointe, d'fhéadfadh sé go n-oibreodh iarratais a dhéanamh ar áirithint níos fearr do roinnt Óstach.

Roghnaigh modh a chuidíonn leat gan áirithintí aíonna a chur ar ceal ar chúiseanna inchoiscthe.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.
Airbnb
14 Noll 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?