Cad é an Polasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha?

Faigh amach conas a láimhseálann Airbnb cealuithe nuair a tharlaíonn teagmhais ar scála mór.
Le Airbnb ar an 28 Márta 2024
Léamh 4 nóiméad
Nuashonraithe ar an 28 Márta 2024

Is í sábháilteacht Óstach agus aíonna ár bpríomhthosaíocht. Nuair a chuireann tubaiste nádúrtha, géarchéim sláinte poiblí nó teagmhas mórscála eile cosc ort a bheith ag óstáil, tá polasaí i bhfeidhm againn a chosnaíonn thú féin agus d'aíonna. 

Tugadh an Polasaí um Imthosca Maolaitheacha ar an bpolasaí seo roimhe seo. Táimid ag nuashonrú an pholasaí agus ag athrú a ainm chun go mbeidh sé níos sothuigthe. 

Beidh feidhm ag an bPolasaí athbhreithnithe um Mórtheagmhais Shuaiteacha ar gach turas agus gach Eispéireas a bheidh ar siúl ón 6 Meitheamh 2024 i leith, is cuma cathain a cuireadh in áirithe iad.*

Cad atá clúdaithe faoin bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha?

Mínítear sa pholasaí conas a láimhseálann Airbnb cealuithe agus aisíocaíochtaí nuair a théann teagmhais ar scála mór i bhfeidhm ar áirithint. 

Cumhdaítear na teagmhais seo a leanas má théann siad i bhfeidhm ar shuíomh na háirithinte, má tharlaíonn siad i ndiaidh tráth déanta na háirithinte, agus má chuireann siad cosc nó toirmeasc dlíthiúil ar áirithint amach anseo nó ar áirithint atá ar bun a chríochnú:

  • Éigeandálaí sláinte poiblí agus eipidéimí dearbhaithe. Ina measc sin tá eipidéimí, paindéimí agus éigeandálaí sláinte poiblí atá dearbhaithe ag an rialtas. Ní áirítear orthu sin galair eindéimeacha ná galair a bhaineann go coitianta le ceantar. Níl COVID-19 cumhdaithe faoin bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha.
  • Srianta taistil ón rialtas. Ina measc sin tá srianta éigeantacha a fhorchuireann gníomhaireacht rialtais, amhail ordú aslonnaithe. Ní áirítear orthu sin foláirimh taistil ná treoir dá leithéid ón rialtas.
  • Gníomhartha míleata agus cogaíocht eile. Ina measc sin tá gníomhartha cogaidh, cogaíocht, ionradh, cogadh cathartha, sceimhlitheoireacht, pléascanna, buamáil, reibiliúin, círéibeacha agus éirí amach.
  • Briseadh fóntas riachtanach ar mhórscála. Ina measc sin tá briseadh fada fóntas riachtanach, amhail teas, uisce agus leictreachas, a théann i bhfeidhm ar fhormhór mór na dtithe in áit ar leith.
  • Tubaistí nádúrtha. Ina measc sin tá tubaistí nádúrtha agus teagmhais adhaimsire eile. Ní chumhdaítear aimsir ná dálaí nádúrtha atá coitianta go leor gur féidir iad a thuar in áit ar leith ach nuair a tharraingíonn siad teagmhas eile atá cumhdaithe ag an bpolasaí agus a chuireann cosc le críochnú na háirithinte. Mar shampla, ní chumhdaítear hairicín le linn shéasúr na hairicíní i Meicsiceo ach amháin má tá ordú aslonnaithe éigeantach ann mar gheall air.

Cén chaoi a n-oibríonn an polasaí?

Má tá teagmhas cumhdaithe:

  • Is féidir le hÓstaigh áirithint a chur ar ceal gan táillí agus gan iarmhairtí díobhálacha eile. Cuirfear bac ar fhéilire a liostaithe ar na dátaí a chuirtear ar ceal.
  • Is féidir le haíonna áirithint a chur ar ceal agus aisíocaíocht nó creidmheas taistil a fháil beag beann ar pholasaí cealaithe an Óstaigh. Fanfaidh féilire an liostaithe ar oscailt má chuireann an t-aoi an áirithint ar ceal.
  • Ní fhaigheann an tÓstach eisíocaíocht nuair a chuireann an tÓstach nó an t-aoi áirithint ar ceal.
  • Is féidir le hÓstaigh agus le haíonna oícheanta atá fágtha a chur ar ceal, fiú má tá aíonna tar éis seiceáil isteach cheana féin.

Mura bhfuil teagmhas cumhdaithe:

  • Bheadh cealú aoi faoi réir pholasaí cealaithe an liostaithe.
  • Bheadh cealú Óstaigh faoi réir an Pholasaí Cealaithe d'Óstaigh, a bhféadfadh táillí agus iarmhairtí eile a bheith i gceist leis. 
  • Is féidir le hÓstaigh agus le haíonna teacht ar a socrú aisíocaíochta féin lasmuigh den pholasaí. 

Cad iad na hathruithe ar an bpolasaí?

Táimid ag nuashonrú agus ag athainmniú an pholasaí chun aghaidh a thabhairt ar aiseolas a fuaireamar ó Óstaigh agus aíonna. Mar shampla, ní raibh a fhios ag roinnt Óstach conas a dhéanamh amach an raibh teagmhas aimsire intuartha nó teagmhas a raibh tionchar aige ar chumas aíonna taisteal, cumhdaithe nó nach raibh. 

Seo iad na príomh-nuashonruithe: 

  • Ní bhainfidh an polasaí ach le teagmhais san áit ina bhfuil an áirithint suite. Ní chumhdaítear teagmhais a théann i bhfeidhm ar chumas aoi taisteal chuig an áirithint a thuilleadh. 
  • Tá teagmhais aimsire intuartha ag suíomh na háirithinte incháilithe go sainráite le haghaidh cumhdaigh má tharlaíonn teagmhas cumhdaithe eile mar gheall orthu, amhail srian taistil ón rialtas nó briseadh fóntais ar scála mór. 

An dtéann an Polasaí Cealaithe d'Óstaigh i bhfeidhm ar an bpolasaí seo?

Tá an Polasaí Cealaithe d'Óstaigh difriúil leis an bPolasaí um Mórtheagmhais Shuaiteacha. Faoin bPolasaí Cealaithe d'Óstaigh, tarscaoilfidh Airbnb na táillí agus, i gcásanna áirithe, iarmhairtí eile, má chuireann Óstach an áirithint ar ceal ar chúiseanna bailí áirithe nach bhfuil smacht ag an Óstach orthu, amhail píopa pléasctha. Tá coinne leis go seasfaidh Óstaigh le háirithintí deimhnithe faoin bPolasaí Cealaithe d'Óstaigh. 

Faoin dá pholasaí, tá sé d'oibleagáid ar Óstaigh áirithint a chur ar ceal má tá a n-áit do-áitrithe nó mura bhfuil sé ag teacht leis an áit a chur an t-aoi in áirithe. Mar shampla, má tá do linn snámha do-úsáidte tar éis stoirm mhór ach má deir do liostú go bhfuil linn snámha agat, bheadh ort an áirithint a chur ar ceal nó teacht ar chomhaontú le haíonna roimh an tseiceáil isteach.

*Ach amháin sna cásanna ina gcuireann Airbnb a mhalairt in iúl d'úsáideoirí áirithe.

Ní chuireann an polasaí seo teorainn le cearta Óstach agus aíonna faoi dhlíthe agus rialacháin áitiúla, agus ní dhéanann aon chinntí a dhéanann Airbnb faoin bpolasaí seo difear dá gcearta reachtúla.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
28 Márta 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?