Aircover d'Óstaigh
Deimhniú aitheantais aoi
Seiceálann ár gcóras deimhnithe cuimsitheach sonraí amhail ainm, seoladh, ID rialtais, agus go leor eile chun aitheantas na n-aíonna a dhéanann áirithint ar Airbnb a dheimhniú.
Scagadh áirithintí
Déanann ár dteicneolaíocht dhílsithe anailís ar na céadta toisc i ngach áirithint agus cuireann sí bac ar áirithintí áirithe a thugann le tuiscint go bhfuil baol mór maidir le cóisirí callánacha agus damáiste do réadmhaoin.
Cosaint damáiste $3M
Mura n-íocann aíonna as an damáiste a rinneadh do do theach nó do do chuid giuirléidí, tá cosaint damáiste d'Óstaigh i bhfeidhm chun cabhrú le costais suas le $3M USD a aisíoc, na cosaintí speisialaithe seo san áireamh:
Ealaín agus earraí luachmhara
Faigh aisíocaíocht as ealaín nó earraí luachmhara a ndearnadh damáiste dóibh.
Mótarfheithiclí agus báid
Faigh aisíocaíocht as damáiste do ghluaisteáin, do bháid agus d'árthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú i do theach.
Damáiste ó pheataí
Faigh aisíocaíocht as damáiste a rinne peata aoi.
Caillteanas ioncaim
Má chaithfidh tú áirithintí Airbnb a chur ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi, cúiteofar an t-ioncam caillte leat.
Dianghlanadh
Faigh aisíocaíocht i leith seirbhísí glantacháin bhreise a theastaíonn chun smáil agus boladh deataigh a bhaint.
Árachas dliteanais $1M
Cosaint ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste d'earraí aíonna nó go ngoidfí a n-earraí.
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá
Má mhothaíonn tú go bhfuil tú i gcontúirt aon uair, tá rochtain láithreach ar fáil inár n-aip ar ghníomhairí sábháilteachta sainoilte, lá agus oíche.
Airbnb amháin a thugann AirCover duit
Airbnb | Iomaitheoirí | |
---|---|---|
Deimhniú aitheantais aoi | ||
Scagadh áirithintí | ||
Cosaint damáiste $3M | ||
Ealaín agus earraí luachmhara | ||
Mótarfheithiclí agus báid | ||
Damáiste ó pheataí | ||
Caillteanas ioncaim | ||
Dianghlanadh | ||
Árachas dliteanais $1M | ||
Líne shábháilteachta 24 uair sa lá |