Taispeánfar moltaí i ndiaidh duit an t-ionchur cuardaigh a chlóscríobh. Úsáid na saigheada suas agus síos chun athbhreithniú a dhéanamh. Úsáid Iontráil chun roghnú. Más frása é an roghnúchán, cuirfear an frása sin isteach lena chuardach. Más nasc é an moladh, nascleanfaidh an brabhsálaí chuig an leathanach sin.
Cabhair
Óstach

Gnéithe inrochtaineachta a chur le liostuithe

Nach iontach an rud é fáilte a chur roimh níos mó daoine fós chuig d'áit trí ghnéithe inrochtaineachta a chur léi—cuardaíonn go leor aíonna liostuithe de réir riachtanas faoi leith. Faigh amach conas d'áit a dhéanamh níos inrochtana.

Gnéithe inrochtaineachta: na chéad chéimeanna

I dtús báire, cinntigh go bhfuil do liostú foilsithe. Ansin is féidir leat do liostú a chur in eagar de réir seomra agus aird a tharraingt ar gach gné inrochtaineachta le grianghraf soiléir amháin ar a laghad. Nuair a bheidh do ghnéithe deimhnithe i gcoinne ár dtreoirlínte grianghraf, taispeánfar iad i rannóg Gnéithe inrochtaineachta do liostaithe.

Cuir do liostú in eagar chun gnéithe inrochtaineachta a chur san áireamh

  1. Cliceáil Liostuithe agus roghnaigh an liostú is mian leat a chur in eagar
  2. Faoi Eagarthóir liostaithe, cliceáil Do spás
  3. Cliceáil Gnéithe inrochtaineachta
  4. Cliceáil Tá an ghné seo agam agus cuir grianghraif de ghné inrochtaineachta ar bith is mian leat a chur le do liostú
  5. Athbhreithnigh agus cliceáil Sábháil


Iarrfar ort grianghraf amháin ar a laghad a chur le gach gné. Caithfidh gach gné agus gach grianghraf ár dtreoirlínte thíos a chomhlíonadh. Nuair a bheidh do ghnéithe deimhnithe i gcoinne ár dtreoirlínte grianghraf, taispeánfar iad ar rannóg Gnéithe inrochtaineachta do liostaithe.

Cuir an seomra in eagar chun gnéithe inrochtaineachta a chur san áireamh

  1. Cliceáil Liostuithe agus roghnaigh an liostú is mian leat a chur in eagar
  2. Faoi Eagarthóir liostaithe, cliceáil Do spás
  3. Cliceáil Camchuairt ghrianghrafadóireachta
  4. Roghnaigh an seomra, cliceáil Gnéithe inrochtaineachta, agus cuir do ghnéithe inrochtaineachta leis.
  5. Athbhreithnigh agus cliceáil Sábháil

Má tá tú ceangailte le Airbnb trí bhainisteoir cainéil nó trí bhogearraí bainistithe réadmhaoine ar shioncronú iomlán, beidh ort do shaoráidí inrochtaineachta a nuashonrú trí do bhogearraí API. Déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí API chun fiafraí díobh cén uair a eiseoidh siad an ghné API Inrochtaineachta ionas gur féidir leat do chuid saoráidí a chur léi.

Faigh tuilleadh eolais faoi mhuintearas agus ionchuimsiú ag Airbnb inár bPolasaí Inrochtaineachta.

Sainmhínithe ar ghnéithe inrochtaineachta agus treoirlínte grianghrafadóireachta

Lena oibriú amach cad iad na gnéithe inrochtaineachta atá agat, féach ar an gcur síos thíos agus bí cinnte go gcomhlíonann do sheomra nó do spás na riachtanais seo sula roghnóidh tú an ghné sin. Bí cinnte agus breathnaigh ar threoir Airbnb maidir le grianghraif a ghlacadh de ghnéithe inrochtaineachta.

Gnéithe inrochtaineachta do do liostú

Áit pháirceála inrochtana

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá áit pháirceála phríobháideach ann atá 3.35 méadar (11 troigh) ar leithead ar a laghad. Sin nó tá áit pháirceála phoiblí ann do dhaoine faoi mhíchumas agus comhartha nó marc soiléir uirthi.

Critéir an ghrianghraif:

  • Más áit pháirceála phoiblí atá ann, taispeáin comharthaí nó marcanna a thugann le fios gur do dhaoine faoi mhíchumas atá sí
  • Más áit pháirceála phríobháideach nó cabhsán atá i gceist, glac an grianghraf amuigh ón spás chun a thaispeáint go bhfuil sé 3.35 méadar (11 troigh) nó níos mó ar leithead

Cosán soilsithe go dtí an bealach isteach d'aíonna

Sainmhíniú ar an ngné:

Bíonn solas maith ar an gcosán chuig an mbealach isteach d'aíonna san oíche.

Critéir an ghrianghraif:

  • Taispeáin go soiléir na foinsí solais go léir a lasann an cosán chuig an mbealach isteach d'aíonna
  • Ná taispeáin foinsí solais ón taobh istigh den liostú
  • Bí cinnte go dtaispeánann an grianghraf an áit a bhfuil na soilse i dtaca leis an gcosán

Cosán gan chéimeanna chuig an mbealach isteach d'aíonna

Sainmhíniú ar an ngné:

Níl céimeanna, staighre ná colbhaí ar na cosáin taobh amuigh agus taobh istigh chuig an mbealach isteach d'aíonna—amhail cosáin, hallaí nó ardaitheoirí.

Critéir an ghrianghraif:

  • Glac a oiread grianghraf agus is gá chun an cosán iomlán a ghabháil ón áit pháirceála d'aíonna go dtí an bealach isteach d'aíonna
  • I gcás árasán agus óstán, gabh an cosán iomlán le grianghraif de bhealach isteach an óstáin, forhalla, hallaí agus ardaitheoir, más bainteach
  • Bíodh doirse ar oscailt lena thaispeáint nach bhfuil céimeanna ná bacainní ar an gcosán

Bealach isteach d'aíonna gan chéimeanna

Sainmhíniú ar an ngné:

Níl céimeanna ná bacainní ar an mbealach isteach d'aíonna, agus tá tairseach an dorais níos lú ná 5 cheintiméadar (2 orlach) ar airde.

I gcás foirgnimh óstáin nó árasáin, is éard atá sa bhealach isteach d'aíonna an áit a dtéann na haíonna isteach ina seomra. I gcás gach cineál eile liostaithe, is éard atá sa bhealach isteach d'aíonna an bealach isteach chuig an réadmhaoin.


Critéir an ghrianghraif:

  • Oscail an doras isteach do na haíonna
  • Cuir an ceamara taobh amuigh den bhealach isteach agus é ag féachaint isteach sa liostú
  • Claon an ceamara síos chun tairseach iomlán an bhealaigh isteach a ghabháil

Ardaitheoir síleála nó soghluaiste


Sainmhíniú ar an ngné:

Tá gléas ann atá deartha go sonrach chun duine a thógáil isteach i gcathaoir rothaí agus amach aisti. Tá sé feistithe ar an tsíleáil nó ina sheasamh as féin.

Critéir an ghrianghraif:

  • Ní mór gur dearadh an t-ardaitheoir go sonrach chun duine a thógáil isteach i gcathaoir rothaí agus amach aisti

  • Taispeáin an t-ardaitheoir agus an áit a bhfuil sé sa seomra leapa nó sa seomra folctha go soiléir i do ghrianghraf

Ardaitheoir linne snámha nó tobáin the

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá gléas saindeartha ann atá ábalta duine a thógáil isteach i linn snámha nó tobán te agus amach astu.

Critéir an ghrianghraif:

  • Ní mór gur dearadh an t-ardaitheoir go sonrach chun duine a thógáil isteach i linn snámha nó tobán te nó amach astu

  • Taispeáin an t-ardaitheoir agus an áit a bhfuil sé gar don linn snámha nó don tobán te go soiléir

Gnéithe inrochtaineachta do sheomraí i do liostú

Bealach isteach d'aíonna atá níos mó ná 81cm (32 orlach) ar leithead

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá an bealach isteach d'aíonna 81 ceintiméadar (32 orlach) ar leithead ar a laghad.


Critéir an ghrianghraif:

  • Cuir miosúr sa doras oscailte idir an dá phointe is cúinge den fhráma

  • Glac grianghraf amháin a thaispeánann an miosúr iomlán laistigh den fhráma dorais

  • Glac an dara grianghraf den mhiosúr agus na haonaid tomhais le feiceáil go soiléir ann

Teacht gan chéimeanna ar sheomraí


(tá an ghné ar fáil do gach cineál seomra)

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá an seomra ar urlár na talún nó tá teacht air le hardaitheoir nó rampa agus níl staighre, céim ná tairseach níos airde ná 5 cheintiméadar (2 orlach) idir an bealach isteach d'aíonna agus an seomra.

Critéir an ghrianghraif:

  • Sula nglacfaidh tú grianghraif, bí cinnte go bhfuil an seomra ar an mbunurlár nó go bhfuil ardaitheoir nó rampa suas chuige

  • Claon an ceamara síos chun tairseach iomlán an bhealaigh isteach a ghabháil

  • Bí cinnte go bhfuil an doras ar oscailt agus cuir an ceamara taobh amuigh den seomra ag féachaint isteach ann

Bealach isteach sa seomra atá níos mó ná 81cm (32 orlach) ar leithead


(tá an ghné ar fáil do gach cineál seomra)

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá an bealach isteach nó an doras chuig an seomra 81 cm (32 orlach) ar leithead ar a laghad.

Critéir an ghrianghraif:

  • Cuir miosúr nó rialóir laistigh de fhráma an dorais agus bíodh an dá thaobh agus na huimhreacha le feiceáil go soiléir. Ba chóir an doras a bheith ar oscailt a oiread agus is féidir.

Cithfholcadán gan chéimeanna

Sainmhíniú ar an ngné:

Níl céimeanna ná bacainní ann chun dul isteach sa chithfholcadán. Ba chóir go mbeadh na tairseacha nó na gardaí uisce níos ísle ná 2.5 cm (1 orlach).


Critéir an ghrianghraif:

  • Taispeáin an cithfholcadán ina iomláine, an áit a mbuaileann an cithfholcadán le hurlár an tseomra folctha san áireamh.

Cathaoir chithfholcadáin nó cathaoir folctha

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá suíochán, amhail cathaoir nó binse, sa chithfholcadán nó san fholcadán atá feistithe ar an mballa nó ina shaorsheasamh. Ní mór gur dearadh an suíochán go sonrach d’aíonna a bhfuil a soghluaisteacht teoranta.


Critéir an ghrianghraif:

  • Taispeáin an suíochán ina iomláine taobh istigh den chithfholcadán nó den fholcadán.

Barra sábháilteachta feistithe sa chithfholcadán

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá barra sábhailteachta amháin ar a laghad sa chithfholcadán atá boltáilte nó ceangailte go daingean den bhalla agus atá in ann meáchan a iompar go hiomlán. Ní féidir raca tuáille a úsáid, agus ná bíodh sé feistithe le súcháin nó go sealadach.

Critéir an ghrianghraif:

  • Taispeáin an cithfholcadán ina iomláine agus tabhair radharc soiléir ar an mbarra sábháilteachta agus ar an áit a bhfuil sé sa chithfholcadán.

Barraí sábháilteachta feisithe don leithreas

Sainmhíniú ar an ngné:

Tá barra sábháilteachta amháin ar a laghad sa limistéar thart ar an leithreas atá boltáilte nó ceangailte go daingean den bhalla agus atá in ann meáchan a iompar go hiomlán. Ní féidir raca tuáille a úsáid, agus ná bíodh sé feistithe le súcháin nó go sealadach.

Critéir an ghrianghraif:

  • Tabhair radharc soiléir ar an mbarra sábháilteachta agus ar an áit a bhfuil sé gar don leithreas.
Ar chuidigh an mhír seo?

Míreanna gaolmhara

  • Óstach

    Cuir teideal do liostaithe in eagar

    Is féidir leat teideal do liostaithe a athrú aon uair is mian leat, mar sin, coinnigh ort agus cuir ainm air a tharraingeoidh aird ar an bhf…
  • Óstach

    Conas a shocraítear comharsanachtaí

    Déantar liostú a shannadh go huathoibríoch do chomharsanacht bunaithe ar an seoladh agus ní féidir an chomharsanacht seo a chur in eagar.
  • Óstach

    Cuir saoráidí le liostú

    Is féidir le haíonna torthaí cuardaigh liostuithe a scagadh de réir saoráidí, mar sin tá sé tábhachtach go gcuirfeá gach rud a thairgeann tú…
Faigh cabhair le d'áirithintí, do chuntas, agus rudaí eile.
Logáil isteach nó cláraigh