3 cholún Eispéiris ardchaighdeáin

Conas do chuid buanna a chur ar taispeáint i d’aighneacht faoi Eispéireas.
Le Airbnb ar an 8 Meith 2018
Léamh 6 nóiméad
Nuashonraithe ar an 25 Lún 2021

Buaicphointí

  • Tairg rud nach furasta d'aíonna a dhéanamh leo féin.

  • Smaoinigh ar do shaineolas agus ar do dhearcadh uathúil
  • Cuidigh le haíonna dáimh dhaonna fhiúntach a chruthú
  • Cuir eolas ort féin faoi ardchaighdeáin cháilíochta agus riachtanais Airbnb maidir le hEispéiris

An bhfuil tú réidh chun ceangal le pobal taistealaithe agus daoine áitiúla ar spéis leo tuilleadh eolais a fháil faoi do shaol? An chéad chéim: cuir tú féin ar an eolas faoi ardchaighdeáin cháilíochta agus riachtanais Airbnb, a chaithfidh gach Óstach a chomhlíonadh chun go bhfoilseofar a dtaisceadh Eispéiris. Anois agus tú ag dul i ngleic leis na bunrudaí, léimfimid isteach i 3 cholún Airbnb le haghaidh Eispéireas ardchaighdeáin agus tiocfaimid ar bhealaí chun do chuid buanna uathúla a thaispeáint i do thaisceadh Eispéiris.

Na 3 cholún cháilíochta

Tugann Óstaigh Eispéiris taistealaithe isteach ina ndomhan, rud a chuideoidh leo a mhothú go bhfuil siad mar chuid de, fiú mura bhfuil i gceist ach cúpla uair an chloig. Is iad na 3 cholún cháilíochta ba chóir a léiriú i dtaisceadh Eispéiris: saineolas, rochtain cos istigh, agus dáimh. Socraíonn na colúin sin Eispéiris seachas gnáth-thurais, agus cuidíonn siad lena chinntiú go mbíonn liostuithe Eispéiris ardchaighdeáin atá faoi stiúir Óstaigh eolasacha fháilteacha ar an margadh.

Agus tú ag léamh tuilleadh faoi na colúin sin gus ag smaoineamh ar do smaoineamh Eispéiris, seo roinnt rudaí le cur san áireamh:

  • Cuir san áireamh ní hamháin an saineolas atá agat ar d'ábhar, ach freisin an dearcadh uathúil is féidir leat a thabhairt don ábhar nó don ghníomhaíocht seo.
  • Scaoil le do shamhlaíocht; Ba chóir go mbeadh rud éigin ag baint le hEispéiris nach bhféadfadh aíonna a dhéanamh go héasca leo féin. Bain triail as d'eispéireas a idirdhealú ó ghníomhaíochtaí cineálacha turasóireachta.
  • Cruthaíonn na hEispéiris is fearr dáimh dhaonna fhiúntach—conas a chinnteoidh tú go mbeidh d'aíonna ar a suaimhneas?

Saineolas

An bhfuil paisean agat do cheird, do ghníomhaíocht, agus/nó do do phobal? Agus do smaoineamh Eispéiris á dhearadh agus á chur isteach lena athbhreithniú agat, is áit iontach é sin chun tosú! Chomh maith le paisean, ba cheart d'Óstach saineolach an saineolas uathúil, na dintiúir, nó an dearcadh uathúil atá aige nó aici maidir le príomhábhar a ghníomhaíochta a chur san áireamh. Bí cinnte go gcuirfidh tú é sin in iúl go soiléir i do thaisceadh Eispéiris.

Seo trí shampla den dóigh a bhféadfá do shaineolas ar ábhar a mhíniú, le leibhéil éagsúla ratha:

Seachain:“Is breá liom callagrafaíocht!”Ní mhínítear go baileach leis an ráiteas sin na sonraí faoin dóigh nó faoin bhfáth a bhfuil tú i do shaineolaí ar an gceird.

Go maith: “Rinne mé staidéar ar challagrafaíocht ar feadh cúig bliana agus thosaigh mé á múineadh do mo chairde le déanaí.” Leis an ráiteas sin, tugtar léargas úsáideach ar na rudaí a cháilíonn tú chun an tEispéireas sin a threorú.

Go hiontach: “Múinim callagrafaíocht ag Ionad Ealaíon na hÁise, San Francisco. Labhair mé le déanaí ag an gcomhdháil Callagrafaíochta Idirnáisiúnta maidir le Callagrafaíocht san Aois Dhigiteach." Is ráiteas an-mhaith é sin chun saineolas suntasach i d'ábhar a léiriú.

Rinne Eleonora agus Achref, Óstaigh Cooking with Art!, rannóg Eolas fút ina dtarraingítear aird ar bhealach an-mhaith ar an saineolas atá acu:

Sampla 1: Is cócaire í Eleonora ag a bhfuil breis agus 15 bliain de thaithí idirnáisiúnta. Is cócaire teilifíse í ag Italia7 agus is breá léi a cuid eolais a roinnt le daoine eile. Is le paisean a lean sí lorg a seanmháthar agus a máthar, ach coinníonn sí cothrom le dáta, agus go deimhin le taobh a speisialtóireachta mar chócaire taosráin, agus ag cur fíon agus bia le chéile, is Pizzaiolo speisialaithe í freisin. Cuireadh a céad leabhar cócaireachta i gcrích in 2018.

Déanann Anabel, Óstach Natural Dye Using Ancient Techniques i gCathair Mheicsiceo, an-jab freisin le cur síos a dhéanamh ar an saineolas atá aici:

Sampla 2: Is breá liom teicstílí Mheicsiceo agus rinne mé staidéar ar dhearadh faisin agus na snáthealaíona in Barcelona. Tháinig mé ar ais go Meicsiceo roinnt blianta ó shin nuair a thosaigh mé ag foghlaim faoi ruaimeanna nádúrtha in Oaxaca, áit ar thit mé i ngrá le dathanna bríomhara na dteicstílí ársa. Ó shin i leith tá roinnt tionscadal forbartha agam lena n-áirítear branda málaí droma ceardaíochta ag baint úsáid as cuid de na hábhair agus na modhanna a chlúdóimid sa cheardlann seo.

An gá duit a bheith i do mháistir chun Eispéireas a óstáil? Ní gá! Bí cinnte go dtarraingeoidh tú aird ar an saineolas uathúil atá agat a bhaineann leis an Eispéireas.

Rochtain ón taobh istigh

Téann Eispéiris thar na gnáthghníomhaíochtaí turasóireachta agus ligtear d'aíonna páirt ghníomhach a ghlacadh i bpobal nó i gcultúr Óstaigh. Cuireann Eispéiris iontacha áiteanna nó gníomhaíochtaí ar fáil do ghnáth-thaistealaithe nach dócha go dtiocfaidís orthu astu féin.

Smaoinigh ar rud a thairiscint atá uathúil nó nach mbeadh fáil air ag an ngnáthchuairteoir go hiondúil chun gur dóichí go bhfoilseofaí d'Eispéireas ar Airbnb. Agus tú ag cur isteach d'Eispéiris, bí cinnte agus tarraing aird ar a bhfuil speisialta faoi na suíomhanna a dtabharfaidh tú cuairt orthu le d'aíonna.

Cuirim tús le mo thuras i gcónaí tríd an gceist seo a chur, ‘Cén fáth ar chuir tú an tEispéireas seo in áirithe?'. Deir daoine go raibh gníomhaíocht as an ngnáth á lorg acu. Tá an rud a thairgimse dóibh uathúil agus is rud é nach bhféadfaidís a dhéanamh leo féin. Rinne mé iarracht turas níos suimiúla ná na cinn atá feicthe agam cheana a chruthú, agus d'oibrigh sé seo dom.
Gabriela, Host of Get to know Little Africa'

  • Roinn áit speisialta, amhail teach tábhairne nach bhfuil eolas air ach ag muintir na háite nó gairdín ceilte i do chomharsanacht.  
  • Cuir aíonna in aithne do dhaoine nó do phobail nó tosaigh iad ar ghníomhaíochtaí nach mbeadh eolas acu fúthu murach sin.
  • Cuir cor nó dearcadh uathúil ar ghníomhaíocht thipiciúil nó choitianta turasóireachta.

Tairgeann Marvin, Óstach Honey Bee Therapy, rochtain uathúil ar a chlós cúil féin, agus ar ghairdíní pobail áitiúla inar féidir le haíonna cuairt a thabhairt ar choirceoga in Los Angeles. 

Bí cinnte agus tarraing aird ar an mbaint atá agat féin leis na háiteanna nó leis na pobail sin i d'aighneacht. Fiafraigh díot féin: Cén fáth a bhfuil siad speisialta duit agus cén fáth a mbeidís suimiúil ag d'aíonna freisin? Smaoinigh ar chuimhne cinn a bhaineann leis na háiteanna sin a roinnt.

Dáimh

Geallann Óstach Eispéiris iontach dáimh dhaonna fhiúntach a chruthú. Déanann siad a ndícheall fáilte a chur roimh aíonna agus iad a aithint. Bíonn siad cairdiúil agus tuisceanach, agus cruthaíonn siad deiseanna chun dáimh a dhéanamh lena n-aíonna, ionas go mothóidh siad speisialta agus iad ansin. Má chothaíonn an tÓstach dáimh mhaith, is minic a thiocfaidh aíonna chuig Eispéireas mar strainséirí, agus go bhfágfaidh siad mar chairde.

Agus d'Eispéireas á chur isteach agat, tarraing aird ar na bealaí a smaoineoidh tú ar na sonraí agus a chinnteoidh tú go mothóidh na haíonna sábháilte, rannpháirteach agus ceangailte ar fud an Eispéiris. D'fhéadfadh idir rudaí beaga deasa, amhail griansciath a thairiscint ar lá grianmhar, agus rudaí níos mó, amhail spás cuimsitheach a chruthú do d'aíonna chun dáimh a bheith acu le chéile a bheith i gceist leis sin.

Seo roinnt ceisteanna le cur ort féin agus tú ag smaoineamh ar d'Eispéireas:

  • Conas a dhéileáiltear le riachtanais aíonna amhail cúrsaí cothaithe, inrochtaineacht, nó ábhair imní sábháilteachta?
  • Cad a d'fhéadfá a dhéanamh dá mbeadh cúinsí gan choinne ann, amhail athrú ar an aimsir?
  • Conas a chuideoidh tú le haíonna dáimh a bheith acu le chéile agus bheith ag caidreamh le chéile ar d'Eispéireas?
  • Conas a chuirfidh tú leibhéil chompoird réimse leathan aíonna ó go leor cultúir éagsúla san áireamh?

Na gnéithe sin a thabhairt isteach i do leathanach

Cuimhnigh, ní mór do gach Eispéireas na hardchaighdeáin cháilíochta sin a chomhlíonadh chun é a chur ar mhargadh Airbnb. Tá an dóigh a gcuireann tú gach ceann de na cáilíochtaí sin in iúl i leathanach d'Eispéiris tábhachtach. Tarraing aird go cúramach ar shaineolas uathúil, ar rochtain ón taobh istigh, agus ar dháimh sna rannóga seo:

Eolas fút féin – Bí cinnte go roinnfidh tú an fáth gur tusa an duine is fearr chun an tEispéireas seo a óstáil, an bhaint atá ag do shaineolas leis an ngníomhaíocht, agus an fáth gur Óstach tuisceanach thú.

Cad a dhéanfaidh tú agus Cá mbeidh tú – Déan cur síos ar an teacht uathúil ar shuíomhanna nó ar phobail a chuirfidh tú ar fáil—bí sonrach! Bí ag súil le ceisteanna a d'fhéadfadh a bheith ag aíonna, agus bíodh freagraí réidh agat roimh ré.

Cad a chuirfidh mé ar fáil – Cuir aon rud speisialta a chuirfidh tú san áireamh san Eispéireas, idir dheochanna agus sneaiceanna, agus ticéid a thugann rochtain d'aíonna ar imeacht. 

Buaicphointí

  • Tairg rud nach furasta d'aíonna a dhéanamh leo féin.

  • Smaoinigh ar do shaineolas agus ar do dhearcadh uathúil
  • Cuidigh le haíonna dáimh dhaonna fhiúntach a chruthú
  • Cuir eolas ort féin faoi ardchaighdeáin cháilíochta agus riachtanais Airbnb maidir le hEispéiris

Airbnb
8 Meith 2018
Ar chabhraigh sé seo leat?