Níl an t-ábhar seo ar fáil i do theanga roghnaithe, mar sin chuireamar ar fáil é sa teanga is cosúla léi atá ar fáil.

Meall aíonna leis an tástáil nua do luas an Wi-Fi

Faigh amach conas do luas Wi-Fi a dheimhniú agus a thaispeáint—saoráid den scoth ar Airbnb.
Le Airbnb ar an 11 Lún 2021
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 3 Samh 2021

Buaicphointí

  • Tá Wi-Fi ar cheann de na saoráidí is mó tóir a chuardaíonn aíonna

  • Leis an tástáil nua ar luas an Wi-Fi is féidir leat do luas Wi-Fi a dheimhniú agus a thaispeáint

  • Tástáil do Wi-Fi—má bhíonn sé ag 50 Mbps nó níos airde, leagfar béim ar “Wi-Fi tapa” i do liostú

Braitheann go leor aíonna ar idirlíon gasta chun turas iontach a bheith acu, agus tá sé riachtanach d’aíonna a oibríonn ó chian. Déanta na fírinne, léiríonn taighde Airbnb go bhfuil Wi-Fi ar cheann de na saoráidí is minice a chuardaigh aíonna, agus má chuirtear spás oibre atá oiriúnach do ríomhairí glúine le saoráidí liostaithe gur féidir leis sin cabhrú le roinnt Óstach a dtuilleamh a mhéadú.*

Tá tábhacht le luas an Wi-Fi, idir scannáin a fheiceáil agus bheith páirteach i bhfísghlaonna gan aon deacracht. Anois is féidir le hÓstaigh luas Wi-Fi an liostaithe a dheimhniú gan aip Airbnb a fhágáil tríd an tástáil nua ar luas an Wi-Fi a úsáid. Leis an uirlis seo is féidir le luas Wi-Fi do réadmhaoine a thástáil go héasca, agus ansin é a thaispeáint go díreach ar leathanach do liostaithe—ag cabhrú leat níos mó aíonna atá ag lorg tréimhsí fanachta ceangailte a mhealladh.

Do Wi-Fi a thástáil ag baint úsáid as d’aip Airbnb

Tá an tástáil luais Wi-Fi ar fáil faoi láthair ar aip Airbnb le haghaidh iOS agus Android. Chun tosú, beidh ort bheith i do spás agus ceangailte le líonra Wi-Fi do réadmhaoine.

Nuair a bheidh tú ansin, lean na céimeanna seo:

  1. Tapáil Próifíl agus ansin tapáil Athraigh go hóstáil
  2. Tapáil Liostuithe agus tapáil an liostú a theastaíonn uait
  3. Faoi Maidir leis an liostú, téigh chuig Saoráidí
  4. Scrollaigh go dtí Wi-Fi agus tapáil Cuir sonraí leis
  5. Tapáil Tástáil luas an Wi-Fi (beidh ort rochtain ar an suíomh a cheadú mura bhfuil sé ceadaithe cheana)
  6. Tapáil Tosaigh an tástáil
  7. Agus na torthaí á dtaispeáint, tapáil Sábháil ionas go mbeidh luas an Wi-Fi le feiceáil ar leathanach do liostaithe
  8. Má tá do luas Wi-Fi 50 Mbps nó níos airde, cuirfear béim air sin, go bhfuil Wi-Fi tapa ag do liostú

    Faigh tuilleadh eolais maidir le Wi-Fi a chur ar fáil d’aíonna

    Do luas Wi-Fi a thuiscint

    Tomhaistear luas idirlín i meigighiotáin in aghaidh an tsoicind agus is féidir leis an uimhir seo a thaispeáint cé chomh tapa agus atá an ceangal atá agat. Seo iad na léamha éagsúla is féidir leat a fháil ón tástáil ar luas an Wi-Fi, agus a bhfuil i gceist leo:

    • Gan léamh: Níl Wi-Fi ar fáil. Níl Wi-Fi agat nó ní féidir ceangal leis. Bain triail as do ródaire a athbhútáil nó é a bhogadh go spás eile i do réadmhaoin.
    • 1-6 Mbps: Luas bunúsach Wi-Fi. Is féidir le haíonna teachtaireachtaí a sheiceáil agus an gréasán a bhrabhsáil.
    • 7-24 Mbps: Luas maith Wi-Fi. Is féidir le haíonna físeáin HD a shruthú.
    • 25-49 Mbps: Luas gasta Wi-Fi. Is féidir le haíonna físeáin 4K ar chaighdeán níos airde a shruthú agus bheith páirteach i bhfísghlaonna.
    • 50+ Mbps: Dia ár sábháil! Luas tapa Wi-Fi. Is féidir le haíonna físeáin 4K a shruthú agus bheith páirteach i bhfísghlaonna ó ghléasanna iomadúla. Cuirfimid béim ar Wi-Fi tapa ar do liostú.

    Faigh tuilleadh eolais faoi do luas idirlín a dheimhniú

    Ag cur aíonna ar an eolas faoi do luas Wi-Fi

    Nuair a bheidh an tástáil críochnaithe agus do thorthaí sábháilte, taispeánfar do luas Wi-Fi (i meigighiotáin in aghaidh an tsoicind) i do Saoráidí in aice le Wi-Fi, ag cur ar chumas d’aíonna do luas idirlín a dheimhniú sula ndéanfaidh siad áirithint.

    Má tá do luas 50 Mbps nó níos airde, díghlasálfaidh tú saoráid nua: beidh “Wi-Fi tapa” le feiceáil ar leathanach do liostaithe.

    Toisc gur saoráid atá thar a bheith tábhachtach é Wi-Fi, táimid ar bís uirlis a thairiscint duit a chuideoidh leat do luas Wi-Fi a chur ar taispeáint d’aíonna—agus cuidiú le mealltacht do liostaithe ar Airbnb a mhéadú.

    *De réir shonraí inmheánacha Airbnb a thomhais na saoráidí ba mhinice a cuardaíodh ón 1 Meán Fómhair 2020, go dtí an 1 Meán Fómhair 2021.

    Seans gur tháinig athrú ar an eolas atá sa mhír seo ón uair a foilsíodh í.

    Buaicphointí

    • Tá Wi-Fi ar cheann de na saoráidí is mó tóir a chuardaíonn aíonna

    • Leis an tástáil nua ar luas an Wi-Fi is féidir leat do luas Wi-Fi a dheimhniú agus a thaispeáint

    • Tástáil do Wi-Fi—má bhíonn sé ag 50 Mbps nó níos airde, leagfar béim ar “Wi-Fi tapa” i do liostú

    Airbnb
    11 Lún 2021
    Ar chabhraigh sé seo leat?