Bí ar fáil nuair a theastaíonn tú ó aíonna

Freagair go tapa agus le comhbhá, ag baint úsáide as na huirlisí cearta.
Le Airbnb ar an 26 Feabh 2024
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 26 Feabh 2024

Tá cumarsáid thráthúil shoiléir ríthábhachtach don óstáil cúig réalta. Deir aíonna go bhfuil sé ríthábhachtach treoracha úsáideacha agus freagraí tapa a fháil. “Trí dhea-chumarsáid mothaíonn aíonna go bhfuil aire á tabhairt dóibh, rud atá i gcroílár na hóstála,” arsa Sadie, Sáróstach in Santa Fe, New Mexico.

Déan iarracht an t-eolas a theastaíonn ó aíonna a chur ar fáil, nuair a bheidh sé de dhíth orthu.

Bí cabhrach

Bíonn go leor rudaí idir lámha ag daoine agus iad ag taisteal. Déan iarracht eolas úsáideach a thabhairt ag an am ceart gan aíonna a bhá san eolas.

  • Bain úsáid as teachtaireachtaí sceidealaithe. Ligeann siad sin duit sonraí áirithe a roinnt nuair is dócha go dteastóidh siad ó aíonna. Mar shampla, cuireann go leor Óstach treoracha chuig a n-áit i dteachtaireacht sceidealaithe chun fáilte a chur roimh aíonna an lá roimh an tseiceáil isteach.

  • Scríobh lámhleabhar tí críochnúil. Cuir treoir shoiléir ann chun rudaí tábhachtacha a aimsiú, agus treoracha céim ar chéim ar ghléasanna agus fearais.

  • Cuir eolas úsáideach in áiteanna iomadúla. D'fhéadfá treoracha oibriúcháin a fhágáil in aice leis an teirmeastat agus an gríoscán lasmuigh chomh maith le do lámhleabhar tí. Ba chóir na sonraí a theastaíonn ó aíonna a bheith so-aimsithe gan chuardach.

Bí pras

Bíonn aíonna ag súil go bhfreagróidh tú go tapa, go háirithe ar an lá don tseiceáil isteach nó má thagann fadhbanna chun cinn. Maidir le ceisteanna neamhphráinneacha a thagann chun cinn le linn fanachta, tá sé réasúnta freagra a thabhairt laistigh de 12 uair an chloig. Maidir le hábhair phráinneacha, amhail eochair in easnamh chun dul isteach, ba cheart duit freagra a thabhairt laistigh d'uair an chloig.

  • Socraigh fógraí. Úsáid aip Airbnb chun fanacht ar an eolas maidir le teachtaireachtaí ó aíonna. Glac le brúfhógraí san aip agus i socruithe do ghléis, coinnigh do ghléas gar duit agus an fhuaim casta air, agus seiceáil ó am go chéile le linn tréimhsí fanachta an bhfuil teachtaireachtaí ann.

  • Bíodh plean cúltaca agat. Déan socrú chun cabhair a fháil nuair nach mbeidh tú ar fáil. Faigh Comhóstach nó duine tacaíochta eile agus roinn eolas teagmhála le haíonna.

  • Bain úsáid as freagraí tapa. Ligeann siad sin duit freagra a thabhairt níos luaithe fós ar cheisteanna áirithe trí fhreagraí a scríobh roimh ré. Mar shampla, d'fhéadfá freagra tapa a chur ar bun ina liostaítear na bialanna is fearr leat in aice láimhe in éineacht le seoladh nuair a iarrann aíonna moltaí áitiúla.

Bí tuisceanach

Déan iarracht féachaint ar gach cás ó thaobh an aoi, go háirithe nuair nach dtéann rudaí mar a bhí beartaithe.

  • Bí socair. Féadann fadhbanna gan choinne a bheith dúshlánach do gach duine. Tarraing cúpla anáil dhomhain agus dírigh ar an ábhar atá idir lámha a réiteach.
  • Bí trédhearcach. Cuir in iúl d'aíonna go bhfuair tú a n-iarratas, agus go bhfuil tú ag obair air. Mínigh cathain a bheidh súil agat teacht ar réiteach agus conas a choinneoidh tú ar an eolas iad.
  • Tabhair freagra comhbhách. Samhlaigh tú féin san áit a bhfuil d'aíonna. Is féidir cuma thromchúiseach a bheith ar rudaí beaga agus tú as baile.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
26 Feabh 2024
Ar chabhraigh sé seo leat?