Leideanna maidir leis an óstáil a shimpliú le linn an tséasúir ghnóthaigh

Cloígh le seicliosta glantacháin, bain úsáid as uirlisí don tseiceáil amach, agus nuashonraigh do shaoráidí.
Le Airbnb ar an 5 Iúil 2023
Léamh 5 nóiméad
Nuashonraithe ar an 5 Iúil 2023

Tugtar an séasúr gnóthach air toisc go mbíonn sé gnóthach: D'fhéadfadh sé a bheith deacair féilire lán agus easpa spáis idir áirithintí a bhainistiú. Bain triail as na leideanna seo chun fáilteachas iontach a chur ar fáil le linn na mbuaicthréimhsí.

Athruithe gasta idir áirithintí a láimhseáil

Nuair a leantar an gnáthamh céanna i ndiaidh gach seiceáil amach cabhraíonn sé le hathruithe gasta a dhéanamh idir áirithintí nuair a bhíonn áirithintí i ndiaidh a chéile agat. Molann Robin, Sáróstach in Mount Barker, an Astráil, seicliosta a úsáid, cibé acu tusa nó duine eile a dhéanfaidh an glantachán.

“Rud iontach faoi sheicliosta a úsáid ná go gcoinníonn sé dírithe mé agus go ndéanann sé cinnte nach ndéanaim dearmad ar rud ar bith,” a deir Robin. “Is furasta imeacht ón bplean nuair a chuirtear isteach ort, agus nuair a chuimhnítear ar na sonraí beaga go léir, is eispéireas níos fearr é an óstáil d'aíonna agus domsa araon."

Tuilleadh leideanna chun athruithe gasta idir aíonna a láimhseáil:

  • Bíodh dhá oiread nó trí oiread na gclúdach leapa agat. Nuair a bhíonn braillíní agus tuáillí breise agat cabhraíonn sé leat an seomra leapa, an seomra folctha agus an chistin a athnuachan gan níochán a dhéanamh láithreach. Beidh nithe sa bhreis agat ar eagla smáil dhona amhail smideadh nó geir chócaireachta.

  • Bain úsáid as clúdaigh duivé agus cosantóirí piliúr agus tochta. Bíodh dhá oiread na nithe sin agat freisin le haghaidh athruithe gasta idir aíonna.

  • Cláraigh le haghaidh seirbhísí seachadta. Athstocáil soláthairtí glantacháin, earraí maisíochta, earraí grósaera nó earraí eile a theastaíonn uait go rialta nó nithe a chuireann tú ar fáil d'aíonna, gan ort a bheith ag dul chuig an siopa.

  • Bíodh plean cúltaca iontaofa agat maidir le glanadh, cothabháil agus garraíodóireacht. Ligeann sé seo duit cloí leis an sceideal fiú nuair nach mbíonn tú féin agus do chriú ar fáil. Má mhothaíonn tú faoi bhrú, smaoinigh ar Chomhóstach a chur leis.

Am a shábháil le huirlisí don tseiceáil amach

Níor chóir go mbeadh mórán stró ag baint leis an tseiceáil amach duit féin nó do d'aíonna. I mí na Bealtaine, chuireamar uirlisí don tseiceáil amach i bhfeidhm atá deartha chun cabhrú leis an bpróiseas a bheith simplí do gach duine.

I measc na ngnéithe nua tá brúfhógraí uathoibríocha agus seiceáil amach le tapáil amháin. Seolann Airbnb an t-am don tseiceáil amach agus treoracha maidir leis an tseiceáil amach chuig aíonna ag 5:00 PM, an t-am áitiúil, an lá roimh an tseiceáil amach. Faigheann aon aoi a úsáideann an aip ar ghléas móibíleach, agus na brúfhógraí casta air, iad seo. Is féidir leis nó léi cnaipe a thapáil freisin chun tú a chur ar an eolas nuair a bheidh sé nó sí seiceáilte amach, agus ansin beidh tú in ann tosú ag ullmhú don chéad aoi eile.

Is maith le Joh, Sáróstach in Forestville, California, a teachtaireachtaí sceidealaithe féin a sheoladh maidir leis an tseiceáil amach—go háirithe le linn an tséasúir ghnóthaigh. “Deirim le haíonna go dtiocfaidh an glantóir ag 11:00 AM chun an t-árasán a réiteach do na chéad aíonna eile, ionas go dtuigfidh siad an fáth a bhfuil sé tábhachtach an áit a fhágáil in am,” arsa sí.

Tuilleadh leideanna chun am a shábháil le huirlisí don tseiceáil amach:

  • Socraigh treoracha bunúsacha don tseiceáil amach. Is féidir leat treoracha a chruthú go tapa trí liosta de chúig thasc coitianta a roghnú. Is féidir leat sonraí a chur le gach ceann acu. Mar shampla, faoi “Cuir an bruscar amach,” is féidir leat a iarraidh ar aíonna bruscar a chur i mbosca bruscair amháin agus rudaí atá le hathchúrsáil i mbosca eile.

  • Cuir iarratais a bhaineann go sonrach le do theach san áireamh. Má tá gríoscán lasmuigh i measc na saoráidí atá agat, d'fhéadfá a iarraidh ar aíonna an clúdach a chur air arís tar éis dóibh é a úsáid.

  • Cuir cártaí don tseiceáil amach leis. Nuair a bheidh na treoracha bunúsacha don tseiceáil amach curtha ar bun agat, is féidir leat cárta don tseiceáil amach a chur le teachtaireacht sceidealaithe nó le freagra tapa lena ndéanfar nasc chuig na treoracha. Is bealach maith é chun meabhrúcháin a sheoladh chuig aíonna a úsáideann aip Airbnb ach nach bhfuil brúfhógraí casta air acu.

Saoráidí séasúracha a thabhairt chun suntais

Bhí méadú 60% ar chuardaigh do liostuithe ag a raibh linnte snámha sa chéad trí mhí de 2023 i gcomparáid leis na míonna sin in 2022, rud atá léirithe ag sonraí domhanda Airbnb. Seo a leanas na Catagóirí Airbnb ba choitianta a cuireadh in áirithe: Trá, Linnte Iontacha, agus Cábáin.

Trí do liostú a nuashonrú chun aird a tharraingt ar ghnéithe séasúracha agus ar shaoráidí séasúracha, is féidir cabhrú le haíonna atá ag lorg an méid a chuireann tú ar fáil a aimsiú agus d'áit a chur in áirithe.

“Is maisitheoir intí í mo dheirfiúr, agus athraíonn sí cuma ár n-áite de réir an tséasúir, ag fáil earraí ar iasacht ónár siopa bronntanais baile féin,” arsa Fred, Sáróstach in Placencia, an Bheilís. “Gach bliain cuirimid saoráid nua leis freisin—rud éigin speisialta chun go dtiocfaidh aíonna a d'fhan linn roimhe seo ar ais. Chuireamar gaiséabó, réadlann, agus limistéar beáir os cionn an uisce leis."

Tuilleadh leideanna chun aird a tharraingt ar shaoráidí séasúracha:

  • Cuir grianghraif lena mbaineann gné shéasúrach leis. Sna míonna a bhíonn níos teo, taispeáin do linn snámha iontach, gríoscán lasmuigh, ámóg, nó cosán chuig an trá d'aíonna ionchasacha. Maidir leis na tréimhsí a bhíonn níos fuaire, roinn pictiúir den teallach, den tobán te, nó den rian sciáil ar áit na mbonn chuig na hardaitheoirí.

  • Athnuaigh an cur síos ar do liostú. Ar chuir tú saoráidí leis an réadmhaoin le déanaí, amhail Fred agus a dheirfiúr? Tarraing aird orthu mar nithe atá nua sa chur síos ar do liostú agus cuir grianghraif leis.

  • Nuashonraigh sonraí do liostaithe. Athbhreithnigh socruithe do chuntais ag cinntiú gur roghnaigh tú an ticmharc in aice leis na saoráidí go léir atá á dtairiscint agat faoi láthair. Cuir tuilleadh sonraí san áireamh aon uair a iarrtar ort é sin a dhéanamh.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
5 Iúil 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?