Na buntáistí d'Óstaigh a bhaineann le huasghráduithe d'aíonna míosúla

Le huirlisí cuardaigh agus roghanna íocaíochta nua féadann níos mó aíonna turais níos faide a chur in áirithe.
Le Airbnb ar an 30 Beal 2023
Léamh 3 nóiméad
Nuashonraithe ar an 30 Beal 2023

Tá taistealaithe ar fud an domhain ag úsáid Airbnb chun turais níos faide a dhéanamh. Baineann beagnach oíche amháin as gach cúig oíche a chuirtear in áirithe le fanacht 28 n-oíche nó níos mó.* Leis na gnéithe is déanaí tá sé níos fusa d'aíonna tréimhsí fanachta míosúla a aimsiú agus a chur in áirithe.

Gnéithe cuardaigh agus áirithinte

I measc na n-uasghráduithe a fógraíodh mar chuid de Airbnb: Nuashonrú Samhraidh 2023 tá:

  • Cuardach míosúil feabhsaithe. Le cluaisín Míosúil tá sé níos fusa liostuithe atá ar fáil le haghaidh tréimhsí fanachta níos faide a chuardach. Is féidir le haíonna a ndáta tosaithe a chur in eagar, ansin fad a dturais a roghnú ar dhiail, ó mhí amháin go 12 mhí.
  • Cuid suntais an liostaithe sa chuardach. Bíonn saoráidí tábhachtacha amhail Wi-Fi tapa, spás atá tiomnaithe don obair, luchtaire d'fheithiclí leictreacha, agus earraí atá oiriúnach do pháistí (cliabháin, cathaoireacha arda, bréagáin, srl.) le feiceáil faoi bhun theideal do liostaithe sna torthaí cuardaigh.
  • Táillí seirbhíse níos ísle. Táimid ag laghdú ár dtáille sheirbhíse do na haíonna siúd a chuireann turais níos faide in áirithe, ón gceathrú mí dá bhfanacht amach.
  • Sceideal íocaíochta míosúil. Íocfaidh aoi as an gcéad 30 oíche d'fhanacht níos faide nuair a dhéanfaidh sé nó sí áirithint, agus íocfaidh an t‑iarmhéid atá fágtha i dtráthchodanna míosúla. Ag an gcuntar amach, gheobhaidh an t-aoi sceideal ina dtaispeánfar dátaí agus méideanna na dtráthchodanna atá dlite, ionas gur féidir leis nó léi costais an turais a phleanáil.
  • Lascainí nuair a íoctar ó bhanc. Is féidir le cónaitheoirí i SAM lascaine a fháil ar thréimhsí fanachta 28 n-oíche nó níos mó ar fud an domhain nuair a íocann siad ó chuntas bainc i SAM atá nasctha. Ní mór an áirithint a dhéanamh seacht lá ar a laghad roimh an tseiceáil isteach.     

Ní rachaidh na gnéithe nua i bhfeidhm ar thuilleamh óstach agus ní athróidh siad sceideal eisíocaíochta tréimhsí fanachta níos faide.

Cuid suntais ar leathanaigh liostuithe

Is féidir leat aíonna a spreagadh le háirithint a dhéanamh ach lascaine mhíosúil a shocrú agus do liostú a nuashonrú chun do shaoráidí reatha go léir a chur san áireamh. Na saoráidí siúd a bhfuil tóir orthu le haghaidh tréimhsí fanachta níos faide, cuirtear chun suntais go huathoibríoch ag barr leathanach an liostaithe iad.

Mar shampla, aoi atá ag cuardach fanacht trí mhí i gCeantar Chuan San Francisco, seans go dtiocfadh sé nó sí ar liostú a bhfuil an t-eolas seo ar taispeáint go feiceálach ann:

  • Íoc de réir míosa. Íocfaidh tú i dtráthchodanna míosúla.
  • Go hiontach don chianobair. Wi-Fi tapa ag 350 Mbps, chomh maith le spás atá tiomnaithe don obair.
  • Saoráidí don saol laethúil. D'fheistigh an t-óstach an áit seo do thréimhsí fanachta fada—tá cistin, meaisín níocháin, triomadóir agus páirceáil saor in aisce ann.

Más Óstach nua thú ar mhaith leat tacaíocht duine le duine a fháil le tréimhsí fanachta níos faide, cliceáil anseo agus cuirfimid le hAmbasadóir Sáróstaigh thú chun cabhair a fháil. 

*De réir shonraí domhanda inmheánacha Airbnb, b'ionann tréimhsí fanachta 28 n-oíche nó níos mó agus 21% de na hoícheanta curtha in áirithe in 2022 agus 18% de na hoícheanta curtha in áirithe sa chéad trí mhí de 2023.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
30 Beal 2023
Ar chabhraigh sé seo leat?