An chaoi a n-oibríonn AirCover d'Óstaigh
Soláthraíonn AirCover d'Óstaigh cosaint ó bharr go bun gach uair a chuireann tú fáilte roimh aíonna. Cuimsíonn sé deimhniú aitheantais aoi, scagadh áirithintí, árachas dliteanais d'Óstaigh de $1 mhilliún USD agus cosaint damáiste de $3 mhilliún USD, chomh maith le cosaint do do chuid earraí luachmhara, do charranna páirceáilte agus do bháid ar do réadmhaoin.
Deimhniú aitheantais aoi
Tá an iontaoibh de dhlúth agus d'inneach inár bpobal. Sin an fáth a gcaithfidh gach aoi a dhéanann áirithint ár bpróiseas deimhniúcháin aitheantais a chríochnú. Nuair a dheimhnímid aitheantas aoi, deimhnímid eolas pearsanta áirithe, amhail an t-ainm dlíthiúil, an seoladh, an uimhir fóin nó sonraí teagmhála eile.
Nuair a bheidh aoi deimhnithe, gheobhaidh sé nó sí suaitheantas deimhnithe aitheantais. Taispeántar é sin ar fud Airbnb mar shuaitheantas dearg ar a bhfuil ticmharc in aice leis an ngrianghraf próifíle. Ina theannta sin, d'fhéadfaimis grinnfhiosrúchán a dhéanamh ar aíonna atá lonnaithe sna Stáit Aontaithe.
Teicneolaíocht scagtha áirithintí
Cuireann ár bPolasaí maidir le Cur Isteach ar an bPobal cosc ar chóisirí neamhúdaraithe trioblóideacha. Úsáidimid teicneolaíocht dílsithe scagtha áirithintí chun an polasaí sin a fhorfheidhmiú agus an seans go mbeidh cóisirí trioblóideacha ann a laghdú.
Cuireann an córas raon tosca san áireamh—mar shampla, an cineál liostaithe atá á chur in áirithe, fad an fhanachta, an t-achar idir an liostú agus suíomh an aoi, agus cé acu a rinneadh an áirithint ag an nóiméad deiridh nó nach ndearna, i measc go leor comharthaí eile—chun a chinneadh ar cheart bac a chur ar an áirithint.
Faigh tuilleadh eolais faoin teicneolaíocht scagtha áirithintí
Cosaint damáiste d'Óstaigh $3 mhilliún USD
Tá Airbnb ag cur cosaint damáiste ar fáil d'Óstaigh atá ar thús cadhnaíochta sa tionscal le breis agus deich mbliana. Cuimsíonn cosaint damáiste d'Óstaigh, cuid de AirCover d'Óstaigh, na cosaintí seo mura n-íocann aoi as damáiste a dhéanann sé nó sí do do theach nó do do chuid giuirléidí agus é nó í ag fanacht i d'áit:
- Cosaint damáiste $3 mhilliún USD: Áirítear leis sin damáiste do do theach agus dá bhfuil ann.
- Cosaint ealaíne agus earraí luachmhara: Cosnaímid mínealaín, seodra agus airnéisí bailitheora, ar féidir a luach a aisíoc má dhéantar damáiste dóibh.
- Cosaint gluaisteán agus bád: Cuirimid cosaint damáiste ar fáil do charranna, do bháid agus d'árthaí uisce eile a pháirceálann tú nó a stórálann tú ag do réadmhaoin.
- Cosaint damáiste ó pheataí: Íocaimid as damáiste a dhéanann peataí.
- Glanadh domhain: Tugaimid aisíocaíocht i leith seirbhísí glantacháin bhreise a theastaíonn chun smáil agus boladh deataigh a bhaint.
- Cosaint caillteanais ioncaim: Aisíocfaimid ioncam caillte leat má chuireann tú áirithintí deimhnithe Airbnb ar ceal mar gheall ar dhamáiste a rinne aoi.
- Líne shábháilteachta 24 uair sa lá: Má mhothaíonn tú go bhfuil tú i gcontúirt ag am ar bith, tá rochtain láithreach ar fáil inár n-aip ar ghníomhairí sainoilte sábháilteachta, lá agus oíche.
Aisíocaíocht shimplí
Má dhéanann aoi damáiste do d'áit nó do do chuid giuirléidí, is féidir leat féin (nó le Comhóstach ag a bhfuil ceadanna rochtana iomláine agus a ghníomhaíonn thar do cheann) cuairt a thabhairt ar ár nIonad Réitigh chun iarratas ar aisíocaíocht a chur isteach i gcúpla céim, agus an próiseas a rianú go héasca ón iarratas a chur isteach go dtí an eisíocaíocht. Seolfar d'iarratas chuig an aoi ar dtús. Mura bhfreagraíonn nó mura n-íocann an t-aoi laistigh de 24 uair an chloig, beidh tú ábalta Airbnb a thabhairt isteach. Faigheann Sáróstaigh (a bhfuil liostuithe acu lasmuigh de Stát Washington sna Stáit Aontaithe) ródú tosaíochta agus aisíocaíochtaí níos gasta.
Árachas dliteanais d'Óstaigh $1 mhilliún USD
Le hárachas dliteanais d'Óstaigh, cuid de AirCover d'Óstaigh, tugtar cosaint duit ar an drochsheans go ngortófaí aoi nó go ndéanfaí damáiste do ghiuirléidí aoi nó go ngoidfí giuirléidí aoi agus é nó í ag fanacht ag d'áit. Cuimsíonn an clúdach sin daoine a chuidíonn leat óstáil freisin, amhail Comhóstaigh agus glantóirí.
Clúdaíonn árachas dliteanais d'Óstaigh thú má fhaightear thú freagrach de réir an dlí as:
- Gortú coirp d'aoi (nó do dhaoine eile)
- Damáiste d'earra aoi nó goid earra aoi (nó earra daoine eile)
- Damáiste a rinne aoi (nó daoine eile) d'áiteanna coiteanna, amhail forhallaí agus réadmhaoine in aice láimhe
Más gá duit éileamh a chur isteach, úsáid ár bhfoirm cheistiúcháin árachais dliteanais. Seolfaimid eolas a thugann tú chuig ár n-árachóir dílis tríú páirtí, a shannfaidh d'éileamh d'ionadaí. Réiteoidh sé nó sí d’éileamh de réir théarmaí an pholasaí árachais.
Más Óstach Eispéiris thú, tá tú clúdaithe faoinár n-árachas dliteanais d'Eispéiris.
Ní chlúdaíonn cosaint damáiste d'Óstaigh, árachas dliteanais d'Óstaigh ná árachas dliteanais d'Eispéiris Aircover d'Óstaigh Óstaigh a chuireann áiteanna fanachta agus Eispéiris ar fáil sa tSeapáin, áit a bhfuil Árachas d'Óstaigh na Seapáine agus Árachas Cosanta Eispéiris na Seapáine i bhfeidhm, ná Óstaigh a chuireann áiteanna fanachta ar fáil trí Airbnb Travel LLC. Maidir le hÓstaigh a chuireann áiteanna fanachta nó Eispéiris ar fáil ar mhórthír na Síne, tá an Plean Cosanta d'Óstaigh sa tSín i bhfeidhm. Coinnigh i gcuimhne gur in USD a thaispeántar na teorainneacha clúdaigh go léir.
Tá árachas dliteanais d'Óstaigh agus árachas dliteanais d'Eispéiris frithgheallta ag árachóirí tríú páirtí. Má tá tú ag óstáil áiteanna fanachta sa Ríocht Aontaithe, tá na polasaithe dliteanais d'Óstaigh agus d'Eispéiris frithgheallta ag Zurich Insurance Company Ltd. agus is é Airbnb UK Services Limited, ionadaí ceaptha de chuid Aon UK Limited, a n-údaraíonn agus a rialaíonn an tÚdaras um Iompar Airgeadais é, a shocraíonn na polasaithe agus a thugann i gcrích iad gan aon chostas breise ar Óstaigh sa Ríocht Aontaithe. Is é 310451 uimhir chláir FCA Aon. Is féidir leat é sin a sheiceáil ach cuairt a thabhairt ar Chlár na Seirbhísí Airgeadais nó teagmháil a dhéanamh le FCA ar 0800 111 6768. Is é an tÚdarás um Iompar Airgeadais a rialaíonn na polasaithe dliteanais d'Óstaigh agus d'Eispéiris laistigh de AirCover d'Óstaigh, ach ní táirgí rialaithe iad na táirgí agus na seirbhísí eile a shocraíonn Airbnb UK Services Limited. FPAFF609LC
Maidir leis an Aontas Eorpach, tá na polasaithe sin socraithe agus tugtha i gcrích gan aon chostas breise ar mhaithe le hÓstaigh san AE ag Airbnb Marketing Services SLU, comhoibrí seachtrach de chuid Aon Iberia Correduría de Seguros y Reaseguros, SAU, a n-údaraíonn agus a rialaíonn Autoridad de Control de la Dirección General de Seguros y Fondos de Pensiones é, atá cláraithe leis an tsraithuimhir J0170.
Tá Aon Iberia Correduría de Seguros y Reaseguros SAU ag gníomhú mar idirghabhálaí don Aontas Eorpach, agus glacann sé páirt i ndáileadh árachais i dtíortha an AE faoin gcóras saoirse seirbhísí chun seirbhísí a sholáthar faoi Dhlí Dáileacháin Árachais na Spáinne, faoin Treoir maidir le Dáileadh Árachais agus faoi fhorálacha dlíthiúla nó rialála eile. Gan dochar d'údarás na tíre aíochta ina soláthraítear seirbhísí dáileacháin árachais, is í Ríocht na Spáinne an Ballstát, chomh maith leis an Údarás Maoirseachta, an Ard-Stiúrthóireacht Árachais agus Cistí Pinsin, ag Paseo de la Castellana 44, 28046 – Maidrid, atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar Aon.
Ní árachas í cosaint damáiste d'Óstaigh agus ní bhaineann sí le hárachas dliteanais d'Óstaigh. Maidir le liostuithe i Stát Washington, tá oibleagáidí conarthacha Airbnb faoi chosaint damáiste d'Óstaigh clúdaithe ag polasaí árachais a cheannaigh Airbnb. Maidir leis na hÓstaigh siúd a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta lasmuigh den Astráil, tá na Téarmaí seo maidir le Cosaint Damáiste d'Óstaigh i bhfeidhm. Maidir leis na hÓstaigh siúd a bhfuil a dtír chónaithe nó a dtír bhunaíochta san Astráil, tá cosaint damáiste d'Óstaigh faoi réir na dTéarmaí maidir le Cosaint Damáiste d'Óstaigh d'Úsáideoirí san Astráil.
Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.