Eispéireas réidh a chruthú don tseiceáil isteach

Tabhair treoracha céim ar chéim agus fáilte ó chroí.
Le Airbnb ar an 3 Ean 2020
Léamh 2 nóiméad
Nuashonraithe ar an 4 Meith 2024

Tosaíonn an tseiceáil isteach le cumarsáid shoiléir agus ag an deireadh bíonn na haíonna faoi shó is faoi shuaimhneas i do spás. Seo mar a réitítear an teacht.

Cuir do phróiseas seiceáil isteach ar bun

Téigh chuig treoir theachta do liostaithe chun próiseas seiceáil isteach a chur ar bun atá simplí iontaofa.

  • Roghnaigh am don tseiceáil isteach. Smaoinigh ar an méid ama a bheidh ag teastáil uait le hullmhú idir aíonna. Is fearr le mórán Óstach seiceáil isteach um thráthnóna ionas go mbeidh go leor ama acu le glanadh sula dtiocfaidh na chéad aíonna eile.

  • Scríobh eolas an bhealaigh do dtí d'áit go soiléir. Luaigh sonraí úsáideacha má tá sé deacair teacht air nó mura féidir brath ar an tseirbhís fóin sa cheantar.

  • Roghnaigh modh seiceáil isteach. Is fearr le mórán aíonna an áisiúlacht a bhaineann le féinseiceáil isteach, rud a ligeann dóibh dul isteach gan tú a bheith ann.

  • Cuir treoracha don tseiceáil isteach ar fáil. Tar éis duit modh seiceáil isteach a roghnú agus sonraí breise a chur leis, amhail an áit a bhfuil do bhosca glais, is féidir leat treoracha céim ar chéim agus grianghraif a chur leis sa rannóg chéanna.

  • Cruthaigh lámhleabhar tí agus treoirleabhar. Roinn eolas tábhachtach faoi d'áit, amhail conas ceangal leis an Wi-Fi, agus do chuid leideanna áitiúla, ina measc sin áiteanna itheacháin.

Beidh fáil ag aíonna ar do threoracha don tseiceáil isteach i sonraí a dturais 48 n-uair an chloig roimh an tseiceáil isteach nó 24 uair an chloig roimpi má tá polasaí cealaithe solúbtha agat.

Smaoinigh ar theachtaireacht a sceidealú do lá nó dhó roimh an tseiceáil isteach. Is deis agat é ar do threoracha don tseiceáil isteach a sheoladh chuig gach aoi atá san áirithint agus a iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leat má tá ceisteanna ar bith acu.

Ullmhaigh d'áit

Is cuid thábhachtach den eispéireas seiceáil isteach é an mothú a bhíonn ag aíonna agus iad ag oscailt an dorais.

  • Coinnigh d'áit gan smál. Cruthaigh gnáthamh glantacháin a chuimsíonn gach dromchla, gach urlár agus gach fabraic agus seiceáil arís gur baineadh smáil, salachar agus ribí.

  • Taispeáin eolas úsáideach. Cuir leagan clóite de do lámhleabhar tí agus de do threoirleabhar in áit fhollasach.

  • Fág bronntanas fáilte. Ba leor rud simplí amhail nóta lámhscríofa nó sócamais áitiúla.

  • Bíodh modh cúltaca agat le dul isteach. D'fhéadfá eochair bhreise a choinneáil i mbosca glais gar don bhealach isteach ar eagla nach n-oibreodh an príomh-mhodh seiceáil isteach.

Is cuma conas a roghnóidh tú fáilte a chur roimh aíonna, ba chóir gur féidir teagmháil a dhéanamh leat féin nó le Comhóstach le linn seiceáil isteach chun aon fhadhbanna a d'fhéadfadh titim amach a réiteach go tapa. Má bhíonn tú freagrúil nuair a thagann aíonna, imríonn sin dea-thionchar ar a bhfanacht ar fad.

Seans gur athraigh an t-eolas atá sa mhír seo ó foilsíodh í.

Airbnb
3 Ean 2020
Ar chabhraigh sé seo leat?